An difríocht idir athruithe ar: "Túrcú"

Content deleted Content added
Réigiún
No edit summary
Líne 32:
Sa chéad leath den ochtú haois déag, chuir an tSualainn agus [[an Rúis]] dhá chogadh ar a chéile - Cogadh Mór an Tuaiscirt (1700-1720) agus Cogadh na Hataí (1742-1743). (Is éard atá i gceist leis na ''Hataí'' ná an páirtí frith-Rúiseach i bpolaitíocht na Sualainne san am - is é an leasainm a bhí ar an bpáirtí eile ná na ''Caipíní''.) I rith an dá chogadh, shealbhaigh na Rúisigh an Fhionlainn ar feadh tréimhse, agus a fhad is a mhair an fhorghabháil, bhí rialtas míleata na Rúiseach suite i dTúrcú. Is é an t-ainm a thug na Fionlannaigh ar an dá thréimhse forghabhála ná "fearg" - "An Fhearg Mhór" sna blianta 1713-1721, agus "An Fhearg Bheag" sna blianta 1742-1743.
 
Sa dara leath den [[18ú haois|ochtú haois déag]], bhí an saol ní ba síochánta arís, agus thosaigh fás ag teacht ar an tionsclaíocht sa chathair, cosúil leis an longcheártaíocht agus le tionsclaíocht an [[tobac]]. Tháinig an cultúr sna salaí ag an [[eacnamaíocht]], nó sa bhliain 1771, bunaíodh an chéad iris nó nuachtán sa chathair, ''Tidningar utgifne af et Sällskap i Åbo'' ("Scéalta á bhfoilsiú ag cumann áirithe i dTúrcú"), nó ''Åbo Tidningar'' ("Scéalta ÅboThúrcú"). Bhí an iris á foilsiú go dtí an bhliain 1778 agus arís sna blianta 1782-85. B'Ba é [[Henrik Gabriel Porthan]], a rinne an-taighde ar an mbéaloideas Fionlannach, a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris. Go bunúsach, b'ba é Cumann Aurora, cumann liteartha agus tírghráúil, a bhí ag foilsiú na hirise, ach go praiticiúil, tháinig deireadh le hobair an chumainn i rith na mblianta, agus thit sé ar chrann Porthan an iris a choinneáil ag imeacht.
 
I ndiaidh chogadh na mblianta 1808-1809, thit an Fhionlainn ón tSualainn le h[[Impireacht na Rúise]]. Bhí an tImpire buartha faoi chomh cóngarach agus a bhí Túrcú do Stócólm, agus sa bhliain 1812, hathraíodh feidhmeanna na [[príomhchathair|príomhchathrach]] soir go [[Heilsincí]]. Ar an 4 Meán Fomhair 1827, chuaigh Túrcú trí thine, nuair a bhí na tithe adhmaid triomaithe i ndiaidh an tsamhraidh the, agus na splancacha ag dul ó theach go teach go sciobtha. Fuair seachtar is fiche de dhaoine bás sa dóiteán, agus fágadh 11,000 duine gan teach gan dídean. Bhí an chathair léirscriosta chomh dona is gur chinn na húdaráis an chuid eile d'fheidhmeanna na príomhchathrach, go háirithe an tAcadamh, a aistriú go Heilsincí chomh maith. Fágadh Ard-Easpag Liútaránach na Fionlainne ag obair i dTúrcú, áfach, agus inniu féin, tá Túrcú ina príomhchathair reiligiúnach ar an bhFionlainn.
Líne 44:
[[Íomhá:Cathedral of Turku 1814.jpg|thumb|Ard-Eaglais Thúrcú (1814)]]
 
==DéimeagrafaicDaonra==
 
Labhraíonn 89.4% de dhaonra Thúrcú [[Fionlainnis]] mar theanga dhúchais. Bhí stádas oifigiúil ag an t[[Sualainnis]] oifigiúl comhchomh maith agus 5.2% de na daoine á labhairt mar theanga dhúchais.
 
== Oideachas ==