An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 15:
}}
 
[[Cláirseach|Cláirseoir]] agus [[Cumadóireacht|cumadóir]] ceoil ba ea '''Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin''' nó '''Turlough O'Carolan''' ([[1670]] – [[25 Márta]] [[1738]]). Chum sé neart fonn agus [[Amhránaíocht|amhrán]], agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh fós ar a chuid cheoil agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh [[uirlis]]í eile.
 
== Beatha ==
 
Rugadh Ó Cearbhalláin san [[An Obair|Obair]] i g[[Contae na Mí]]. [[Feirmeoir]] bocht ba ea a athair<ref>https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1404</ref>.
[[Íomhá:Ballyfarnon4032.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Ballyfarnon4032.jpg|clé|mion|
[[Béal Átha Fearnáin]] i g[[Contae Ros Comáin]]
]]
Béal Átha Fearnáin
 
Sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí [[Béal Átha Fearnáin]] i g[[Contae Ros Comáin]]. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an [[buachaill]] le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí [[oideachas]] dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an [[Bolgach|bholgach]] radharc na [[An tsúil|súl]] de agus chuir a bhanphátrún le [[Cláirseach|cláirseoireacht]] é.
Line 27 ⟶ 31:
Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na [[tír]]<nowiki/>e agus fáilte roimhe sna tithe móra.
 
[[Íomhá:Carolan's memorial - Cloch cuimhneacháin Uí Chearbhalláin - geograph.org.uk - 777555.jpg|clé|mion|Cloch cuimhneacháin Uí Chearbhalláin, Ardeaglais Naomh Pádraig, BÁC]]
Bhí ardmheas ag [[Jonathan Swift]] air, agus ba mhinic ag seinm do Swift é. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:
 
Line 34 ⟶ 39:
 
Sa bhliain 1720, phós sé Máire Ní Dhuibhir ó [[Contae Fhear Manach|Chontae Fhear Manach]]: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Fuair siad a gcéad tigín ar thalamh in aice le [[Maothail]] Manachain i gContae Liatroma. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige.
 
== Bás ==
Cailleadh Máire sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach [[Filíocht|dán]] á caoineadh.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
 
Nuair nárbh fhada uaidh an [[bás]] d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. Deirtear gur fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus go ndúirt sé: “Tháinig mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”.
 
Nuair a bhraith sé é féin ag lagú, tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.<ref>Yeats, lch 54.</ref> Tá sé curtha i gCill Rónáin i g[[Contae na hIarmhí]]: deir [[Edward Bunting|Bunting]] go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
 
== Ceol agus cumadóireacht ==
Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.<ref>Rimmer, lch 53.</ref><ref>http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/</ref> Téada [[Miotal|miotail]] a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. [[Uirlis]] an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.<ref>Yeats, lch 13.</ref> Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,<ref>Bunting, lch 72.</ref>ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.<ref>Bunting, lch 71.</ref> Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
[[Íomhá:Carolan.jpg|mion|R. B. Armstrong ''The Irish and Highland Harps'', Edinburgh, David Douglas, 1904]]
 
Bhí tionchar mór ag ceol [[An Iodáil|Iodálach]] a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.<ref>Luaite in Yeats, lch 49.</ref> Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.<ref>Bunting, lch 71.</ref>
 
Line 61 ⟶ 59:
: ''Ó, b’fhearr liom mar shásamh is fáighim é dom féin''
: ''cupán geal Uí Eaghra is a fháil lán le mo bhéal''.<ref>O’Sullivan, lch 183.</ref><br />
[[Íomhá:Turlough Carolan memorial detail,.jpg|clé|mion|Ardeaglais Naomh Pádraig, BÁC]]
 
Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, [[sagart]] i g[[Contae Shligigh]]:
 
Line 69 ⟶ 67:
: ''’s bíodh mo vóta inghlactha''
: ''is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin!''<ref>O’Sullivan, lch 186.</ref><br />
[[Íomhá:Marshy field near Mountallen Bridge - geograph.org.uk - 798086.jpg|mion|299x299px|Cill Rónáin i Ros Comáin]]
 
== NótaíBás ==
Cailleadh Máire, a bhean, sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach [[Filíocht|dán]] á caoineadh.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
{{reflist}}
 
Nuair nárbh fhada uaidh an [[bás]], d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. Deirtear gur fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus go ndúirt sé: “Tháinig mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”.
 
Nuair a bhraith sé é féin ag lagú, tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an [[Bás|bháis]] ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.<ref>Yeats, lch 54.</ref> Tá sé curtha i gCill Rónáin i g[[Contae na hIarmhí]]: deir [[Edward Bunting|Bunting]] go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
 
Tá sé curtha i gCill Rónáin i g[[Ros Comáin]]. Bíonn féile agus scoil samhraidh i [[Céideadh|gCéideadh]] ar siúl ann gach bliain in ómós dó. Deir [[Edward Bunting|Bunting]] go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
== Tagairtí ==
[[Íomhá:Small park at the west end of Keadue - geograph.org.uk - 1631346.jpg|mion|299x299px|
[[Céideadh]] i Ros Comáin
]]
 
== Le léamh ==
* Bunting, Edward (1840). ''The Ancient Music of Ireland''. Dublin: Hodges and Smith.
 
Line 81 ⟶ 89:
 
* Yeats, Gráinne (1980). ''Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972''. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4
 
== Le léamh ==
 
* O’Sullivan, Donal (2001, eagrán nua). ''Carolan: The Life, Times and Music of an Irish Harper''. Ossian Publications Limited. ISBN 1-900428-71-7
Line 91 ⟶ 97:
* [[Donnchadh Ó hAmhsaigh]]
* [[Rós Ní Mhaonaigh]]
[[Íomhá:Carolan full.jpg|clé|mion|333x333px|J.C. Trimball, 1844]]
 
== Naisc sheachtracha ==
Line 100 ⟶ 107:
* [http://www.earlygaelicharp.info/sources/carolan.htm] Carolan Fragment: foinse luath
* [http://www.calumcille.com/modhan/iuchraichean/priomh.html] Gaelic harp keys (alt a mholann eochracha d’fhoinn Uí Chearbhalláin)
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{DEFAULTSORT:Cearbhallain, Toirdhealbhach O}}