An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Eag. ghin.
Líne 2:
Is scríbhneoir Éireannach í '''Dervla Murphy''' (ar an 28 Mí na Samhna 1931 a rugadh í) atá tugtha don taisteal, go mór mhór ar rothar nó, corruair, ar mhiúil nó ar chapall. Tá sí ag scríobh leabhar faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla. In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, cónaíonn sí go fóill san áit ar rugadh í, is é sin, [[Lios Mór]] i g[[Contae Phort Láirge]].
== A Luathshaolluathshaol ==
 
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.<ref name = "wheels">Murphy, D. (1979) ''Wheels Within Wheels.''</ref>
Líne 12:
Fuair a céad leannán, Godfrey, bás thar lear sa bhliain 1958 agus d’éirigh a hathair tinn leis an neifríteas, seachghalar de chuid an [[fliú]]. Fuair seisean bás i mí Feabhra na bliana 1961 agus lean máthair Dervla é i mí Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí Murphy saor ansin óna cuid dualgaisí teaghlaigh agus faoi dheireadh bhí an bealach fada soir go dtí an India ag fanacht léi. Cheap Murphy gur dea-ullmhúchán cruatan agus bochtanas a hóige don sórt taistil a bhí ceaptha aici.
 
== Taisteal agus Scríbhinníscríbhinní ==
Sa bhliain 1963, chuir Murphy chun bóthair ar a céad turas fada ar rothar, gan a bheith ag brath ach uirthi féin ó Éirinn go dtí an India. Thug sí piostal léi in éineacht leis an trealamh eile ar bord Roz, a rothar Armstrong Cadet, agus as d'imigh sí léi tríd [[an Eoraip]] le linn ceann de na [[geimhreadh|geimhridh]] ba mheasa le blianta anuas. [[an Iúgslaiv|San Iúgslaiv]] di, thosaigh sí ag scríobh dialainne in áit a bheith ag cur litreacha abhaile. [[an Iaráin|San Iaráin]] bhí an piostal áisiúil aici agus í ag cur ruaige ar baicle gadaithe, agus bhain sí feidhm as beart a bhí “dochurtha i gcló” i stáisiún póilíní le héalú ó dhuine a raibh beartaithe aige a héigniú. Gortaíodh í ar bord bus san [[an Afganastáin|Afganastáin]] nuair a bhuail buta raidhfil í agus briseadh trí easna uirthi, ach ba bheag an mhoill uirthi sin—bhain sí ceol as dreach agus muintir na tíre, mar sin féin. Sa Phacastáin fuair sí lóistín ón ualaí (wali) deireanach na Suáite, Miangul Aurangzeb. Chuaigh sí trí shléibhte cheantar Ghilgit, ansin tríd an [[an Phuinseaib]], agus sa deireadh trasna na teorann soir go [[Deilí]] san India. D’fhoilsigh an comhlacht John Murray a dialann mar ''Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle'', an chéad leabhar foilsithe dá cuid agus an leabhar ba iomráití díobh.
 
Líne 27:
Sa bhliain 2002, agus 71 bliain slánaithe aici, bheartaigh sí ar dhul ar a rothar trí [[Críoch Phrimorsky|Chríoch Phrimorsky]] i gcianoirthear na [[an Rúis|Rúise]], sa t[[an tSibéir|Sibéir]], ach tháinig constaicí sa bhealach uirthi. Bhris sí a glúin ar an phríomhlíne den iarnród Baikal Amur di. D’fhan sí in áit ag [[Loch Baikal]] ag bisiú, ach stróic sí colpa fad is a bhí sí ag fanacht ann. Shocraigh sí ar leanúint ar aghaidh ar traein, ar bád agus i mbus. Is é ''Through Siberia by Accident'' a cuntas ar an turas sin. Chuaigh sí ar ais go dtí an tSibéir ina dhiaidh sin--''Silverland'' an leabhar a tháinig as an dara turas seo. Sa bhliain 2005 thug sí cuairt ar [[Cúba|Chúba]], an uair seo in éineacht lena hiníon agus triúr gariníonacha. I ndiaidh filleadh go Cúba i 2006 agus i 2007 scríobh sí ''The Island that Dared''.
 
== A Saolsaol Pearsantapearsanta agus Gníomhaíochtgníomhaíocht Neamhlitearthaneamhliteartha ==
Níor phós Murphy riamh. Ba í Rachel, a rugadh sa bhliain 1968, an t-aon pháiste a bhí aici. Ba é [[Terence de Vere White]] (b. 1994), iriseoir de chuid an [[Irish Times]], athair Rachel.<ref>{{cite book|url=http://books.google.co.uk/books?id=c-GR_OSU1zAC&pg=PA829|chapter=Murphy, Dervla (1931-)|last=Speake|first=Jennifer|date=2003|title=Literature of Travel and Exploration: An Encyclopedia|publisher=Taylor and Francis|pages=829|isbn=1579584241|accessdate=2008-10-12}}</ref> Dúradh gur rogha crógach é a hiníon a thógáil léi féin in Éirinn sna seascaidí, ach dúirt Murphy go raibh sí slán ó cháineadh siocair ise a bheith ina tríochaidí agus socair ó thaobh airgid agus oibre de. D’oibrigh sí mar léirmheastóir leabhar ar feadh cúig bliana i ndiaidh bhreith Rachel sular d’iompaigh sí ar ais ar an scríbhneoireacht taistil.
 
Líne 62:
{{reflist}}
 
[[Catagóir{{DEFAULTSORT:Scríbhneoirí|Murphy, Dervla]]}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Murphy, Dervla]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Phort Láirge|Murphy, Dervla]]