An difríocht idir athruithe ar: "An Chúirt Achomhairc (Éire)"

Content deleted Content added
m nascanna curtha leis
Líne 1:
Is cúirt in Éirinn í '''an Chúirt Achomhairc''' (Béarla: ''The Court of Appeal'') atá suite idir dlínse [[Ard-Chúirt (Éire)|na hArd-Chúirte]] agus [[An Chúirt Uachtarach|na Cúirte Uachtaraí]]. Eascraíonn dlínse na Cúirte ó Airteagal 34.4. Bunaíodh í in 2014, tháinig sí i réimeas ar an dlínse achomhairc a bhí ag an Chúirt Uachtarach go dtí sin agus tháinig sí in ionad na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus na Cúirte Achomhairc Armchúirte (faoi réir forála idirthréimhseacha). Tá de rogha ag an Chúirt Uachtarach achomhairc chuig an chúirt sin a cheadú.
[[Catagóir:Ailt le téacs sa Ghaeilge]]
 
== Bunú ==
Is iad an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach an dá uaschúirt dá bhforáiltear faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus faoi [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht na hÉireann]] (1937). Faoi na 1990í, bhí riaráiste mór d’achomhairc ón Ard-Chúirt a raibh dualgas ar an gCúirt Uachtarach iad a éisteacht. D’éist an Chúirt Uachtarach níos mó cásanna ná a cuntrapháirteanna i stáit eile ina bhfuil an gnáthchóras dlí i réim.<ref>{{cite news|url=http://jura.ku.dk/cecs/staff/?pure=en%2Fpublications%2Fthe-road-to-a-court-of-appealpart-i-history-and-constitutional-amendment(8a0b30dc-8d94-4fa5-88af-cde17c48a05d).html|title=The Road to a Court of Appeal—Part I: History and Constitutional Amendment|last=Butler|first=Graham|date=August 2015|work=[[Irish Law Times]]|quote=This was out-of-kilter with other jurisdictions of a similar nature in the United Kingdom, Canada, New Zealand and Australia.|accessdate=31 August 2015}}</ref> Mhol meitheal oibre a rinne a thuairisc in 2009 go mbunófar cúirt nua chun déileál leis an chuid is mó de na hachomhairc ó bhreithiúnais de chuid na hArd-Chúirte, ionas go ligfear don Chúirt Uachtarach a bheith teoranta do chásanna a bhfuil tábhacht bhunreachtúil ag baint leo amháin. Chun é sin a dhéanamh, bhí gá ann an Bunreacht a leasú chun an ceart ginearálta a bhí ann achomharc a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí a bhaint de, agus chun rogha a thabhairt don chúirt sin cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna áirithe ar cheart dó éisteacht.<ref>{{cite book|author=Working Group on a Court of Appeal|title=Report|url=http://www.courts.ie/Courts.ie/library3.nsf/(WebFiles)/D3E9CCA7BAAB5F868025760B0032EA4E/$FILE/Report%20of%20the%20Working%20Group%20on%20a%20Court%20of%20Appeal.pdf|series=Government Publications|volume=Prn. A8/0153|date=May 2009|publisher=Stationery Office|location=Dublin|isbn=978-1-4064-2117-0|format=PDF}}</ref>
 
Tugadh cead an Bunreacht a leasú de réir moltaí na tuairisce de 2009 i reifreann a ritheadh ar an 4 Deireadh Fómhair 2013. Tugadh éifeacht don bhforáil bhunreachtúil nua faoi reachtaíocht phríomha leis an Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.irishstatutebook.ie/2014/en/act/pub/0018/index.html|work=[[Irish Statute Book]]}}</ref> Ansin, leasaíodh Rialacha na nUaschúirteanna agus sceideal táillí cúirte le hionstraim reachtúil.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.irishstatutebook.ie/2014/en/si/0485.html|work=[[Irish Statute Book]]}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://www.irishstatutebook.ie/2014/en/si/0492.html|work=[[Irish Statute Book]]}}</ref> Tháinig an Chúirt i ngníomh ar an 28 Deireadh Fómhair 2014.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.irishstatutebook.ie/2014/en/si/0477.html|work=Irish Statute Book}}</ref>