An difríocht idir athruithe ar: "Tomás Ághas"

Content deleted Content added
athruithe éagsúla
m ceartúchán beag
Líne 27:
Duine de na baill de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann]] ab ea Ághas''',''' a rinne [[Dubhghlas de hÍde]] iarracht iad a dhíbeart ó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], i rith an tsamhraidh sa bhliain [[1913]].[[Íomhá:Uaigh Tomás Ághas.jpg|thumb|Uaigh Thomáis Ághais: "Mar bhí mo dhúil ó thúis shaoil í saoirse, i glú 's i súchas Gaedhal"]]
== Deireadh a shaoil ==
Ciontaíodh agus daoradh pianbhreith dhá bhliain d'obair crua air. D'éiligh sé féin agus na príosúnaigh eile, [[Aibhistín de Staic]] ina measc, stádas 'príosúnach cogaidh'. Chuaigh sé ar stailc ocrais arís mar agóid ar an [[20 Meán Fómhair]]. Fuair sé bás ar an [[25 Meán Fómhair]] [[1917]], san [[Ospidéal an Mater Misercordiae|Ospidéal Mater]], tar éis do lucht [[Príosún Mhuinseo|Phríosún Mhuinseo]] iarracht a dhéanamh é a bheathú le foréigean sa phríosún agus é ar stailc ocrais.
 
B'ócáid ollthábhactach í socraid an Ághasaigh. Bhí na mílte daoine ann agus rinneadh taiféid fís de. Mar chuid den searmanas bhí ceol le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus píobaire ó Bhanna Píb Black Raven.