An difríocht idir athruithe ar: "Stair Bhaile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Téacs curtha ar ais leis a bhí caillte
Líne 115:
[[Íomhá:Bombarded_Four_Courts_Irish_Civil_War.jpg|mion|Bombardú na gCeithre Cúirteanna le linn an Chogaidh Chathartha]]
 
Chinn Collins go raibh air gníomhú agus fuair sé airtléire ón mBreatain ar iasacht chun na poblachtánaigh sna Ceithre Cúirteanna a ionsaí le sliogán, i ndiaidh dó a bheith idir dhá chomhairle faoi ag tús báire, agus i ndiaidh do [[Winston Churchill]] orduithe a thabhairt do thrúpaí Briotanacha an ionsaí a thabhairt chomh maith. I ndiaidh dhá lae den tuairgneáil a rinne trúpaí an Saorstát (ón 28 - 30 Meitheamh 1922) ghéill na poblachtaigh ach ansin d’fhorghabh cuid de na ceannasaithe dá gcuid Sráid Uí Chonaill, agus bhí troid ar an tsráid ann le aghaidh seachtain amháin eile sular éirigh le hairm an Saorstáit an phríomhchathair a dhaingniú. (Féach Cath Bhaile Átha Cliath). Maraíodh níos mó ná 60 comhraiceoir le linn na troda, an poblachtánach sinsearach [[Cathal Brugha]] ina measc. Ceaptar gur maraíodh nó gur gortaíodh timpeall 250 saoránach, ach fós níl comhaireamh cruinn déanta ar an méad iomlán atá i gceist leis sin. Go dtí gur gabhadh é déanach i mí na Meitheamh 1922, rinne [[Oscar Traynor]] oibríochtaí treallchogaíochta ar an taobh dheas den chathair. Gabhadh Ernie O’Malley, ceannasaí poblachtach Chúige Laighean ag deireadh troid inar scaoileadh gunnaí i dtimpeallacht Dhroichead na Dothra i mí na Samhna 1922. Ar an 6 Nollaig, 1922, d’fheallmharaíodh an tIRA Sean Hales, an feisire, agus é ag imeacht ó dTeach Laighean i lár Bhaile Átha Cliath, chun díoltas a bhaint amach as bású de chuid dá mbaill a bhí ina bpríosúnaigh ag lámha airm an Saorstáit. An lá dár gcionn, cuireadh an ceathrar ceannasaithe poblachtánacha a bhí i gceannas sna Ceithre Cúirteanna ([[Ruairí Ó Conchúir|Rúairí Ó Conchúir]], [[Liam Ó Maoilíosa]] (Liam Mellows), Dick Barret agus Joe McKelvey) mar dhíoltas a bhaint amach as sin. Ní raibh mórán trioblóide i mBaile Átha Cliath as sin amach, cé gur lean treallchogaíocht ar aghaidh go tréan timpeall na tíre. Chuir rialtas nua an Saorstáit rialtas cosc ar an éirí amach faoi lár an bhliain 1923. I mí Aibreáin, d’ordaigh [[Proinsias Mac Aodhagáin]] (Frank Aiken), ceann foirne an IRA, go gcuirfeadh na fórsaí i gcoinne an chonartha a gcuid arm síos agus go n-éireoidís as an troid. D’fhág an cogadh cathartha buanrian searbhais i bpolaitíocht na hÉireann, rud a d’fhág drochbhlas ar an éacht a rinneadh neamhspleáchas a bhaint amach don tír.
 
==Neamhspleáchas ==