FeisteIs é is '''scanóir''' ann feiste ionchuir i gcóras [[ríomhaire]] chun cáipéisí a [[scanadh]] is cóip díobh a chur i [[Cuimhne ríomhaire|gcuimhne]] an ríomhaire. Déantar an cháipéis a stóráil mar phicteilíní ag na seoltaí cuí, agus de réir mar a mhéadaítear an oiread picteilíní in aghaidh an cheintiméadair sa dá threo, síos suas is trasna na cáipéise, is amhlaidh is fearr caighdeán an scanóra is na híomhá stóráilte. I scanóir ísealchaighdeáin dubh is geal bíonn timpeall 120 [[picteilín]] in aghaidh an cm, ach i scanóir daite ardchaighdeáin os cionn 480 picteilín cm<small><sup>-1</sup></small>. Bíonn [[bogearraí]] ag dul le cuid de na scanóirí a dhéanann an leathanach a anailísiú is íomhá téacs a aistriú i línte téacs i gcomhair [[próiseálaí focal]] nó córas [[foilsitheoireacht deisce]]. Is féidir pictiúir lándaite a léamh is a phróiseáil le bogearraí íomháithe.