An difríocht idir athruithe ar: "Roibeard Emmet"

Content deleted Content added
Catagóirí
m (GR) File renamed: File:Grave of emmet.jpgFile:Grave of Robert Emmet.jpg this is not the grave of Grenville T. Emmet
Líne 8:
Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 [[Faiche Stiabhna]], i m[[Baile Átha Cliath]] ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordach ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhna agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do [[Baile an Mhuilinn (Baile Átha Cliath)|Bhaile an Mhuilinn]]. Ba é an náisiúnach [[Thomas Addis Emmet]] duine de dheartháireacha Roibeaird Emmet agus bhí Tomás mar dhlúthchara le [[Theobald Wolfe Tone]] agus thug Wolfe Tone cúirteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach páiste.
 
D'fhreastail Emmet ar scoil Oswald i Lána an Óir i mBaile Átha Cliath. Chuaigh Emmet isteach i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], [[Baile Átha Cliath]] i mí Dheireadh Fómhair 1793, gan é ach 15. I mí na Nollag 1797 ghlac sé ballraíocht le Cumann Stairiúil an Choláiste, cumann díospóireachta. Agus é sa choláiste, thosaigh a dheartháir Tomás agus cúpla dá chairde a bheith páirteach i ngníomhaíochas polaitiúil. Fuair Roibeard post mar rúnaí ar choiste rúnda sa choláiste de chuid Chumann na nÉireannach Aontaithe, agus caitheadh amach as an gcoláiste é i mí Aibreáin 1798 dá dheasca. Sa bhliain chéanna theith sé go dtí an Fhrainc agus é ag iarraidh gabháil a sheachaint. Ag an am seo bhí na Briotanaigh ag gabháil go leor náisiúnaithe. Agus é sa Fhrainc, fuair Emmet tacaíocht ó Napoleon agus gheall sé tacaíocht a thabhairt d'Emmet nuair a thosódh an t-éirí amach. [[Íomhá:Robert Emmet - Project Gutenberg 13112.png|thumb|Roibeard Emmet]]I ndiaidh Éirí Amach 1798, bhí Emmet páirteach in atheagrú Chumann na nÉireannach Aontaithe, a bhí cloíte. I mí Aibreáin 1799 d'eisíodh barántas gabhála ina choinne. D'éalaigh sé agus beagáinín ina dhiaidh sin thaisteal sé go dtí an Mhór-Roinn ag súil go bhfaigheadh sé cúnamh míleata ón bhFrainc. Níor éirigh leis mar go raibh Napoleon ag díriú a iarrachtaí ar ionradh a dhéanamh ar Shasana. Chuaigh Emmet ar ais go hÉirinn i mí Dheireadh Fómhair 1802. I mí an Mhárta an bhliain dár gcionn, thosaigh sé ag pleanáil éirí amach eile.[[Íomhá:Grave of emmetRobert Emmet.jpg|thumb|A leac uaigh]]
 
== Éirí Amach 1803 ==