An difríocht idir athruithe ar: "An tSeapáin"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.33.167.7 (Plé); ar ais chuig leagan le Réaltaeolais
chlib amháin: Rollback
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíre|ainm_dúchasach=<font size="+1">'''日本国 <br /> Nippon'''</font>
|íomhá_na_brataí=Flag of Japan.svg{{!}}border
|íomhá_an_armais=Imperial Seal of Japan.svg
|ainm_gin_bain=na Seapáine
|ainm_gin_fir=na Seapáine
|amhrán_náisiúnta=''[[Kimi ga Yo]]''
|íomhá_learscáile=Japan-location-cia.gif
|príomhchathair = [[Tóiceo]] |dnlc=35|dnln=41|dnlNS=N|dnfc=139|dnfn=46|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thoir
|cathair_is_mó=[[Tóiceo]]
|teangacha_oifigiúla=Níl aon (Is í [[Seapáinis]] an teanga náisiúnta)
|cineál_rialtais=[[Monarcacht bhunreachtúil]]
|teidil_na_gceannairí=[[Impirí an tSeapáine|Impire]]<br />[[Príomh-Aire]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Impire Akihito an tSeapáine|Akihito]]<br />[[Shinzō Abe|Abe Shinzō]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleachás]]
|tarluithe_bunaithe=
|dátaí_bunaithe=660 RC
|achar_km=377,873
|rang_achair=62ú
|uisce_faoin_gcéad=0.8%
|bliain_an_mheastacháin_daonra=2015
|bliain_an_daonáirimh_daonra=2017
|meastachán_daonra=126,919,659
|rang_an_mheastacháin_daonra=11ú
|daonáireamh_daonra=126,730,000
|rang_an_dlúis_daonra=36ú
|dlús_daonra=336
|bliain_OTI_PCC=2017
|OTI_PCC=$5.420 trilliún
|rang_OTI_PCC=4ú
|OTI_PCC_an_duine=$42,860
|rang_OTI_PCC_an_duine=27ú
|Crios ama=[[JST]]
|crios_ama_CSL=
|aischur_UTC_CSL=
|aischur_UTC=+9
|airgeadra=[[Yen]]
|cód_airgeadra=JPY
|fearann=[[.jp]]
|glaochód=81
|fonótaí=|Teanga Feidhmeannach = An tSeapáinis}}
Is [[tír]] in oirthuaisceart na h[[An Áise|Áise]] í '''an tSeapáin''' (''Nippon/Nihon''; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúil ''bunús na [[An Ghrian|gréine]]''). Tá sí suite idir [[an tAigéan Ciúin]] agus [[Muir na Seapáine]].
 
== Tíreolaíocht ==
[[Oileán]]ra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iad '''[[Kyushu|Kyūshū]]''' (九州), '''[[Shikoku]]''' (四国), '''[[Honshu]]''' (本州, an t-oileán is mó), agus '''[[Hokkaido|Hokkaidō]]''' (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tá [[sliabh|sléibhte]] arda sa chuid is mó de na hoileáin, agus [[bolcán]]achas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.
 
Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiún [[Tóiceo|Thóiceo]] an mórcheantar uirbeach is mó ar.
 
== Stair ==
Tugann fianaise na [[seandálaíocht]]a le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin.
 
Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla ón [[An tSín|tSín]].
 
=== 1800idí ===
Bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin.
 
=== An Dara Cogadh Domhanda ===
Ghéill an tSeapáin ar an [[15 Lúnasa]] [[1945]] agus chuir sé sin críoch leis an g[[Cogadh|cogaíocht]].
 
Ar an [[2 Meán Fómhair]] [[1945]], shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na [[Long|loinge]] USS Missouri ag cur deireadh leis an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].
 
=== Borradh iarchogaidh ===
Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córas [[polaitíocht|polaitiúil]] na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, an ''kokkai'', atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.
 
== Déimeagrafaic ==
Is í an t[[An tSeapáinis|Seapáinis]] [[teanga oifigiúil]] na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh [[An Ghaeilge|Gaeilge]] a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na [[Éire|hÉireann]], ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.
 
Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil [[An Chóiré|Cóiréigh]] agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na ''Burakumin'' an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na ''Burakumin'' (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh [[neamhghlaine dheasghnách]] nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na ''Burakumin'' a phósadh.