An difríocht idir athruithe ar: "Innealtóireacht cheimiceach"

Content deleted Content added
Links to UCC and UCD
Linked to CIT and QUB
Líne 1:
Staidéar ar theoiric is cleachtadh maidir le dearadh, tógáil is oibriú trealaimh chun táirgí imoibrithe ceimiceacha a dhéanamh ar ollscála. I lár an [[19ú haois|19ú céad]], bhí an déantúsaíocht cheimiceach is luaithe bunaithe ar thraidisiún is scileanna, eolas is cleachtadh pearsanta. Ó shin cuireadh [[matamaitic]] is [[fisic]] i bhfeidhm ar fhadhbanna ceimiceacha. De réir a chéile d'fhás an t-éileamh ar tháirgí, agus ba ghá prionsabail cheimiceacha is fhisiciúla a chur ag obair ar mhéideanna móra ábhar, soláthar an teasa chuige seo, agus gluaiseacht na gceimiceán go cruinn sábháilte trí chórais mhóra. Saothraíodh fophróisis, aonadphróisis, agus córais rialaithe chuí. Saothraíodh cúrsaí oiliúna is traenála sna hollscoileanna, agus d'fhás cumainn ghairmiúla ionas go raibh an brainse seo innealtóireachta bunaithe go láidir i gcuid mhaith tíortha faoi 1900.
 
Is feidir staidéar a dhéanamh ar innealtoireacht cheimiceach in Eireann ag [[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste na hOllscoile Baile Atha Cliath]], [[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh|Coláiste na hOllscoile Corcaigh]], [[Institiúd Teicneolaíochta Chorcaí|Institiuid Techneolaiochta Corcai]], agus [[Ollscoil na Banríona, Béal Feirste|Collaiste na Banrion, Béal Feirste]].
 
{{Fréamh an Eolais}}