An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Felo de Me (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 3:
Tá '''litríocht na Gaeilge''' á saothrú le míle go leith bliain. Ba í an Ghaeilge an teanga liteartha ba thábhachtaí in Éirinn anuas go dtí an 19ú haois, cé go raibh an teanga ag cúlú de réir a chéile ón 17ú haois amach. Tá daoine ag scríobh i nGaeilge ón 7ú haois amach agus ba ghearr gur tháinig bláthú suntasach ar an litríocht sin. De réir a chéile beartaíodh ‘Gaeilge na scol,’ canúint liteartha a bhí á úsáid in Albain agus in Éirinn araon anuas go dtí an 17ú haois. Bhí litríocht fhoirmiúil phoiblí ann agus saothair eile a bhí níos pearsanta, leithéidí na ndánta cúirtéiseacha grá. Tríd is tríd, cuireadh an treise ar an bhfilíocht seachas ar an bprós. San 18ú haois, tar éis imeacht na seanphátrún, bhí litríocht ghreanta ghalánta á cumadh fós, ach chuaigh cúrsaí litríochta i laige sa dara cuid den 19ú haois de réir mar a mheath an teanga. I ndeireadh na haoise sin, áfach, tháinig neart suntasach sa náisiúnachas cultúrtha agus Athbheochan na Gaeilge mar chomhartha air. Uaidh sin amach bhí litríocht nua-aoiseach á saothrú i nGaeilge, agus sa 20ú haois tháinig cuid den scríbhneoireacht is fearr in Éirinn ó lámh na scríbhneoirí Gaeilge.
== Ón ré is luaithe anuas go dtí
Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.<ref>[http://www.krysstal.com/langfams_indoeuro.html The Indo-European Family of Languages]</ref>
Líne 19:
Sna seanmhainistreacha dúchais a scríobhadh tromlach na lámhscríbhinní ón tréimhse ón 9ú go dtí an 12ú haois. Ón 13ú haois anuas go dtí an 17ú haois, áfach, bhí na lámhscríbhinní á scríobh ag dream eile, baill de theaghlaigh mhóra liteartha, Clann Mhic Aodhagáin, Clann Mhic Fhir Bhisigh, Muintir Chléirigh, Muintir Dhálaigh, Muintir Dhuinnín, Clann Uí Mhaolchonaire agus eile. Ba faoi choimirce clann uaisle áirithe a shaothraigh formhór mór na dteaghlach seo.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 102-3.</ref>
Tá an t-uafás filíochta ann a cumadh
Bhí tábhacht leis an Dinnseanchas (''Dindsenchas''), dánta a thug cuntas ar logainmeacha na hÉireann agus a luaigh imeachtaí agus pearsana a bhain leis na háiteanna sin. Eolas é a bhí fite fuaite in oiliúint agus i saothar na bhfilí.
Líne 32:
Ní raibh mná le fáil i measc na bhfilí ba léannta, ach bhí léamh agus scríobh ag roinnt ban uasal ar a laghad, agus tá dánta againn a scríobh cuid acu sa 16ú agus sa 17ú haois. Ar na filí sin tá [[Isibeul Ní Mhic Chailín]] (1499-?),<ref>Uimh. 54 in Ó Rathile: “Mairg darab galar an grádh”.</ref> [[Brighid, iníon Éinrí Mhic Ghearailt]] (c. 1589-1682),<ref>Ní Dhonnachadh, lgh 387-88,</ref>, Fionnghuala, iníon Dhomhaill Uí Bhriain (c. 1577?),<ref>Ní Dhonnachadh, lch 395.</ref> agus Caitilín Dubh (fl. 1624-9).<ref>Ní Dhonnachadh, lgh 399-403.</ref> D’fhéadfadh mná a bheith ina bpátrúin mhóra freisin, mar a bhí Mairgréag Ní Chearbhaill sa 15ú haois agus í molta ag na filí as a féile.<ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 165–6.</ref>
Bhí an prós á shaothrú i gcónaí
=== Sraitheanna miotaseolaíochta ===
|