An difríocht idir athruithe ar: "Rutarfoirdiam"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 8:
|Sraith=Na miotail thrasdultacha
|Íomhá=rf-TableImage.png
}}Is é an [[rutarfoirdiam]] dúil cheimiceach uimhir a 104, agus is é '''Rf''' an giorrúchán ceimiceach a sheasann dó. Fuair sé a ainm i ndiaidh an fhisiceora Shasanaigh [[Ernest Rutherford]], "athair na fisice núicléiche" mar a thugtar air. Dúil radaighníomhach amach is amach é an rutarfoirdiam, nó tá an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige,<sup>267</sup>Rf, gan ach 1.3 uair an chloig ar [[leathré]]. Ní féidir mórán a fháil amach faoi airíonna ceimiceacha an rutarfoirdiam mar sin, ach tugann na turgnaimh cheimiceacha le fios go bhfuil sé cosúil leis an [[haifniam]] ó thaobh na gcomhdhúl de.
}}Is éard is '''rutarfoirdiam''' ann ná an 104 dúil cheimiceach i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná '''Rf''', agus ainmníodh é in onóir [[Ernest Rutherford]], fisiceoir ón [[Nua-Shéalainn]]. Is [[dúil shintéiseach]] ( dúil a cruthaítear sa saotharlann ach nach mbíonn ar fáil sa dúlra) agus radaighníomhach é; tá [[leathré]] de thart ar 1.3 uair an chloig ag an iseatóp is cobhsaí a bhfuil ar eolas againn, sé sin [[iseatóp]] <sup>267</sup>Rf.
 
Chomh radaighníomhach is atá an rutarfoirdiam is léir nach bhfuil teacht ar bith air sa dúlra. D'éirigh leis na fisiceoirí Sóivéadacha in Institiúid Aontaithe an Taighde Núicléach (in Dubno) sna 1960idí adaimh aonair a chruthú, agus faoin am chéanna bhí na Meiriceánaigh ábalta an t-éacht céanna a chur i gcrích i saotharlann Berkeley, California. Bhí na Sóivéadaigh agus na Meiriceánaigh easaontach faoi ainm ceart na dúile go dtí an bhliain 1997, nuair a shocraigh Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) tús áite a thabhairt do na Meiriceánaigh. Is é an t-ainm a bhí á mholadh ag na Rúisigh ná ''cuirtseatóiviam'', agus é bunaithe ar ainm Igor Kurchatov, a bhí i gceannas ar thionscadal na n-arm núicléach san Aontas Sóivéadach agus a fuair bás sa bhliain 1960.
 
 
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]