An difríocht idir athruithe ar: "Tíotáiniam"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 15:
Ba é an Sasanach [[William Gregor]] ba túisce a d'aithin gur dúil ar leith a bhí sa tíotáiniam, thiar sa bhliain 1791. Fuair an dúil a hainm ón nGearmánach [[Martin Heinrich Klaproth]], agus ar ndóigh, ba iad [[Tíotán (miotaseolaíocht)|tíotáin]] na miotaseolaíochta Sean-Ghréagaí a thug an inspioráid.
 
Bíonn an tíotáiniam le fáil flúirseach go maith sa dúlra, nó tá sé ar an naoú dúil is coitianta i screamh an Domhain. Tá tíotáiniam éigin i ngach sórt bruthcharraige, a bheag nó a mhór, ach is iad na mianraí is tábhachtaí ná an [[anatáis]] (an ochtaihéidrít), an [[brúicít|bhrúicít]], an [[ilminít]], an [[pearóivscít|phearóivscít]], an [[rúitíl]], agus an [[tíotáinít]] (a dtugtar gróitít nó sféin uirthi freisin). Is iad an ilminít agus an rúitíl na mianraí a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leo, mar fhoinsí tíotáiniam.
 
Tá cúig iseatóp cobhsaí ag an dúil, agus is astu siúd atá tíotáiniam an dúlra comhdhéanta: <sup>46</sup>Ti (8 % de thíotáiniam an dúlra), <sup>47</sup>Ti (7 %), <sup>48</sup>Ti (74 %), <sup>49</sup>Ti (timpeall ar 5.5 %) agus <sup>50</sup>Ti (timpeall ar 5.5 % freisin). Níl raidiseatóip nádúrtha ann.