An difríocht idir athruithe ar: "Baile Átha Luain"

m
no edit summary
m
 
== Déimeagrafaic ==
Sa bhliain 2016 bhí 21,349 ina gcónaí i mBaile Átha Luain. Tá an baile ag fás go tapa. Mhéadaigh an daonra sé faoin gcéad ón mbliain 2011 go 2016. Tá an rata fás seo níos airde ná an meán náisiúnta (3.6%). Tá an baile níos ilchultúrtha ná an meán naisiúnta freisin. De réir an daonáireamhdhaonáireamh 2016, rugadh 22.8% den daonra taobh amuigh d'Éirinn. Dúirt 30.5% nár Éireannach geal iad. Éireannaigh gorma iad 3.6% den daonra agus Áisigh Éireannacha iad 5.3% den daonra. Bhí cúlra geal eile ag 14.1% den daonra. Luaigh 73.4% go raibh an creideamh [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceach]] acu. Bhí creideamh eile ag 14.4% acu agus ní raibh creideamh ar bith ag 9% acu.<ref>http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=ED9B7664-D9E4-4DD7-9338-C6622E695F9E#SAPMAP_T2_200 {{En}}</ref>
 
Dúirt 31.8% go raibh [[An Ghaeilge|Gaeilge]] labhartha acu ach níor labhair ach 170 duine Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachasach. Bhí teanga seachas [[An Béarla|Béarla]] agus Gaeilge ag duine as ceathrar. ba iad an [[An Pholainnis|Pholainnis]], an [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus an [[An Liotuáinis|Liotuáinis]] na teangacha is mó labhairt.