An difríocht idir athruithe ar: "Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain"

Content deleted Content added
m Tagairtí do Ghearóid "Mór" bainte de
mNo edit summary
Líne 30:
|}}
 
Ba é an Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain (1579-1583) an téirít-éirí amach b’fhairsing agus b’fhuilteach den dá cheann i nDeasmhumhain a thosaigh ríshliocht Mhic Gearailt Dheasmhumhan i [[Cúige Mumhan|gCúige Mumhan]], [[Éire]], in aghaidh fhorlámhas coimhthíoch na Sasanach in Éirinn. Thosaigh an dara éirí amach seo i mí Iúil na bliana 1579, nuair a tháinig Séamus Mac Muiris Mac Gearailt i dtír in Éirinn, agus fórsa de chuid arm an Phápa ina theannta aige, eachtra a spreag éirí amach fud fad dheisceart na tíre, i measc iadsan a bhí báúil do ríshliocht Mhic Gearailt agus a bhí míshásta le Rialtas Shasana sa tír ar chúiseanna éagsúla. Nuair a tháinig an troid chun deiridh, bhí na ceannaircí cloíte, agus bhí Gearóid Mac Gearailt, an 15ú hIarla Dheasmhumhan, básaithe.
 
Bhí cúiseanna éagsúla leis an reibiliún agus iad go léir chomh suntasach céanna, lena n-áirítear: gearán na n-iarlaí feodacha in aghaidh ionsá nó cur isteach an Rialtais lárnaigh (Londain) ar a gcuid gnóthaí; freagairt choimeádacha na nÉireannach in aghaidh polasaithe na Sasanach, a bhí ag tabhairt dúshlán sochaí traidisiúnta na nGael; agus cosaint an [[Caitliceachas|Chaitliceachais]] in éadan rialach Bhanríona Protastúnaí a bhí tar éis a bheith fógartha ina heiriceach in 1570 sa bhulla de chuid [[Pápa|an Phápa]], ''Regnans in Excelcis.''[[File:Coat of Arms of the Duke of Leinster.svg|thumb|Armas na nGearaltach]]