An difríocht idir athruithe ar: "Aibítir"

Content deleted Content added
Líne 84:
* [[zó-eolaíocht]], [[zóifít]], [[zú]]
 
Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k, w agus y. Feictear iad sa Mhatamaitic nó san Eolaíocht. Tá go leor samplaí de na litreacha éagsúla a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar. Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil i bhfoclóir Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada, tráth den saol ba ghiorrúchán don fhocal ‘cath’ a bhí ann. Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla. Foilsíodh dhá leabhar Ghaeilge sa bhliain [[2017]] a raibh K sa teideal acu, mar a bhí ''[[Kíor Thuathail]]'' agus ''Katfish''.
 
Fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t. Deirtear gur ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur. Meastar, áfach, gur nós é seo a tháinig sa treis níos déanaí.