An difríocht idir athruithe ar: "Stair Bhaile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Líne 5:
== Bunaidh agus luathstair na cathrach ==
[[Íomhá:Dublin800.png|mion|Limistéar bhaile átha Cliath thart ar 800]]
D’uaireanta, deirtear gurbh í an chéad tagairt riamh a tugadh do Bhaile Átha Cliath ná an tagairt sin i bhfoinse scríbhneoireachta de chuid [[Tolamaes|Claudius Ptolemaeus (Ptolemy)]], an réalteolaí agus cartagrafaí cáiliúil Éigipteo-Ghréigeach cáiliúil, nuair a thagair sé do lonnaíocht darbh ainm ''Eblana'' timpeall an bhliain 140. Is dócha gur féidir le lucht Bhaile Átha Cliath a mhaíomh go bhfuil an chathair ann le beagnach dhá mhíle bliain de réir na fianaise sin, toisc go gcaithfidh go raibh an lonnaíocht ar an bhfód roinnt mhaith blianta sular thrácht Ptolemy air. Le déanaí, tá amhras tar éis a bheith tarraingthe ar an teoiric sin gurb ionann ''Eblana'' agus Baile Átha Cliath, áfach, agus ceaptar nach ach de thaisme a bhfuil cosúlacht idir ''Eblana'' agus ''Duiblinn'', seanainm eile ar Bhaile Átha Cliath.
 
Na laethanta seo, ceaptar go raibh lonnaíocht eaglasta Chríostaí darbh ainm ''Duiblinn'', as ar tháinig an t-ainm ''Dyflin'', sula raibh aon lonnaíocht Lochlannach ann. As an [[9ú haois|9ú]] agus an [[10ú haois]] amach, bhí dhá lonnaíocht suite san áit ina bhfuil lár chathair na linne seo suite. Is é ''Dyflin'', ón nGaeilge ''Duiblinn'' (nó “Linn Dhubh”, ag tagairt do linn dhubh taoide a bhí san áit sin ina théann [[An Poitéal|Abhainn an Phoitéil]] isteach in [[An Life|Abhainn na Life]] i ngarraithe an Chaisleáin ar chúl [[Caisleán Bhaile Átha Cliath|Chaisleán Bhaile Átha Cliath]]), an t-ainm a tugadh ar an lonnaíocht Lochlannach a bunaíodh timpeall 841 agus bhí lonnaíocht na nGael darbh ainm Áth Cliath, níos faide suas an abhainn, san áit sin ina bhfuil [[Droichead an Athar Maitiú]] suite ag bun Shráid an Teampaill.<ref>[http://www.dublinks.com/index.cfm/loc/6-1/pt/0/spid/902CF5DF-9D01-4C09-81EB171FF0D09C6C.htm "Fords & Black Pools – History of Dublin – Dublin History and Heritage"]. Dublinks.com. Retrieved 16 November 2012.</ref> Úsáidtear ainm na lonnaíochta Ceiltí mar ainm Gaeilge a dtugtar ar chathair na linne seo, cé nach bhfuil trácht le fáil air sin go dtí 1362, nuair a thagraítear don ainm sin in Annála Uladh.<ref>Rev. J. Ryan, Pre-Norman Dublin; JRSAI 1949, p.64.</ref> Is as ainm na lonnaíochta Lochlannaí, ''Dyflin'', a thagann Dublin, an t-ainm Béarla atá ar an gcathair sa lá atá inniu ann, agus tháinig an t-ainm sin ón ainm Gaeilge, ''Duiblinn''. Bhí na Lochlannaigh, nó na "hOstmen" mar a thug siad orthu féin, i gcoróin i mBaile Átha Cliath ar feadh beagnach trí haois, cé gur caitheadh amach iad in 902, ach amháin gur tháinig siad ar ais i gcumhacht in 917, go dtí gur threascair [[Ard-Rí na hÉireann|Ardrí na hÉireann]] arís iad ag [[Cath Chluain Tarbh]] sa bhliain [[1014]]. Ón mbliain sin amach, ní raibh mórán tionchair pholaitiúil ag lucht na Lochlannach in Éirinn - ba sa saol tráchtála amháin a raibh aon tionchar suntasach acu as sin amach.<ref>Ranelagh, John O'Beirne (2001). ''A Short History of Ireland''. Cambridge University Press. p. 31. <nowiki>ISBN 0-521-46944-9</nowiki>.</ref> Tháinig deireadh iomlán le riail na Lochlannach i mBaile Átha Cliath in 1171 nuair a ghabh [[Diarmaid Mac Murchadha]], Rí na Laighne, an chathair le cúnamh shaighdiúirí tuarastail Angla-Normannacha. Rinne an Rí Lochlannach deireanach de Bhaile Átha Cliath, Ascall mac Ragnaill, iarracht an chathair a athghabháil le harm a chruinnigh sé le muintir dá ghaolta féin a bhí suite i n[[Na Garbhchríocha|Garbhchríocha]] na h[[Albain|Alban]], an áit inar chuir sé faoi i ndeoraíocht agus é i mbun teite nuair a gabhadh an chathair, ach theip ar an athghabháil sin agus maraíodh Ascall. [[Íomhá:Skuldelev_II.jpg|clé|mion|[[Longa Skuldelev|Skudelev II]], long mhór chogaidh na Lochlannach a tógadh i gceantar Bhaile Átha Cliath c. 1042]]
Líne 41:
 
===Ó chathair mheánaoiseach go cathair den Ré Sheoirseach ===
Faoi thús an 18ú haois bhí rialú agus smacht curtha in áit ag na Sasanaigh agus d'fhorchuir siad na [[Na Péindlíthe|Péindlíthe]] brúidiúlachta ar an bhformhór de mhuintir na hÉireann a bhí ina gCaitlicigh. Bhí ag éirí go maith leis an [[An Chinsealacht Phrotastúnach|g'''Cinsealacht''' Phrotastúnach]] i mBaile Átha Cliath, áfach, agus tháinig borradh mór faoin gcathair go tapa ón 17ú haois amach. Faoi 1700, bhí an daonáireamh tar éis sárú thar 60,000, rud a d’fhág gurbh í an dara cathair is mó, taobh thiar de [[Londain]], in Impireacht na Breataine. Agus an Reistiréisean faoi lánseol, chuir [[An diúca Ormonde|Ormonde]], an Fear Ionaid ar Éirinn ag an am, an chéad bheartas i dtreo cruth nua-aimseartha a chuir ar an gcathair nuair a d’ordaigh sé go raibh ar gach teach ar fad na Life a aghaidh a thabhairt ar an abhainn agus go raibh éadan galánta orthu uile. Ba chodarsnacht mhór í seo leis an tslí ina raibh cúrsaí roimhe sin, nuair a thug tithe na cathrach a gcúl ar an abhainn, agus gur mhinic a úsáideadh í mar chineál ionaid dumpála bruscair.[[Íomhá:Pcourtfdoor.jpg|clé|mion|'''Teach Powerscourt''' : (Baile Átha Cliath) áit chónaithe don Viscount Powerscourt. Sna 1980í rinneadh ionad siopadóireachta de. Tabhair faoi deara an [[Meán://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/e/ec/Powercourtl.jpg| tsíleáil den ré Sheoirseach]] agus [[Meán://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/4/47/Pthcinteriordoor.jpg| an doras taobh istigh den ré Sheoirseach.]]]]
 
Ba le linn an 18ú céad a tógadh cuid mhaith de na foirgnimh ba shuntasaí atá sa chathair agus a leagadh amach roinnt mhaith de na sráid-dreacanna galánta inti chomh maith. Maidir leis an tslí inar leagadh amach na sráideanna ann, ba chathair mheánaoiseach í Baile Átha Cliath dála [[Páras|Pháras]] ag tús an 18ú haois. Le linn chúrsa an 18ú haois tharla tionscnamh atógála mór ann (dála an tionscnaimh atógála a tharla i bPáras sa 19ú haois), agus rinne an ''Wide Streets Commission'' (Coimisiúin na Sráideanna Leithne) a lán de na sráideanna caola a scriosadh chun sráideanna móra den Ré Sheoirseach a chur ina n-ionad. I measc na sráideanna cáiliúla a leagadh amach mar chuid den athdhearadh seo cuimsítear [[Sráid Sackville]] (a dtugtar [[Sráid Uí Chonaill]] uirthi sa lá atá inniu ann), [[Sráid an Dáma]], [[Sráid Westmoreland]] agus [[Sráid D’Olier]], agus tógadh iad go léir i ndiaidh scriosadh agus leagadh sráideanna cúnga meánaoiseacha chun iad a mhalgamú. Leagadh amach cúig chearnóg thábhachtacha den Ré Sheoirseach freisin; Cearnóg Rutland (ar a dtugtar [[Cearnóg Parnell]] sa lá atá inniu ann) agus [[Cearnóg Mhuinseo]] ar an taobh thuaidh, agus [[Cearnóg Mhuirfean]], Cearnóg Fitzwilliam agus [[Faiche Stiabhna]], atá go léir suite ar an taobh theas d’[[An Life|abhainn na Life]]. Cé go raibh na hárais chónaithe ba ghustalacha inar chónaigh piaraí ar an taobh thuaidh den chathair ar dtús, in áiteanna leithéidí Shráid Henrietta agus Chearnóg Rutland, mar thoradh ar an gcinneadh a rinne [[Iarla Chill Dara]] (an phiara ba mhó a rá in Éirinn, a rinneadh é ina Dhiúca Laighean de ní b’fhaide anonn), teach cathrach nua dó féin, Teach Chill Dara (arna ainmniú [[Teach Laighean]] i ndiaidh dó a bheith ina Dhiúca ar Laighin) ar an taobh theas den chathair, tháinig fuadar faoin líon piaraí a bhí ag iarraidh tithe nua a thógáil ar an taobh theas den abhainn, go háirithe ar na trí chearnóg phríomha ann, nó ina dtimpeall.