An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Fháclainne"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
==Réamhstair an Chogaidh==
 
Go gairid roimh an gcogadh, bhí an deachtóireacht san Airgintín ag streachailt le géarchéim eacnamaíochta, agus muintir na tíre ag agóidíocht in aghaidh an rialtais mhíleata. Thairis sin bhí an rialtas féin cineál idir eatarthu agus an chumhacht ba mhó á haistriú ó [[Jorge Videla]] go [[Roberto Viola]]. I Mí na Nollag 1981 tháinig ''junta'' míleata nua ar an bhfód agus [[Leopoldo Galtieri]] i gceannas. Ba é an tAimiréal [[Jorge Anaya]], áfach, ba mhó a bhí ag moladh ionradh Fháclainne, ó bhí sé suite siúráilte nach mbacfadh na Sasanaigh leis na hoileáin. Bhí an rialtas míleata ag cailleadh fóid i measc na cosmhuintire toisc go raibh an eacnamaíocht ag titim as a chéile, agus an dóigh a raibh daoine á ngabháil agus á marú faoi choim ní raibh sé ag tabhú tacaíochta don deachtóireacht ach an oiread.
 
Ar an 19 Márta chuaigh dornán trádálaithe mangarae i dtír ar Oileán Georgia Theas le bratach na hAirgintíne a ardú (le fírinne bhí saighdiúirí Airgintíneacha ina measc), rud a chuir as do rialtas na Ríochta Aontaithe go mór, agus tháinig an soitheach Sasanach HMS Endurance go dtí Georgia Theas mar fhreagra. Sa deireadh, ar an 3 Aibreán, shealbhaigh fórsaí na hAirgintíne Georgia Theas. Bhí na hAirgintínigh díreach tar éis Oileáin Fháclainne a fhorghabháil.
 
Tháinig ionradh na hAirgintíne ar na hoileáin aniar aduaidh ar na Sasanaigh, ach le fírinne bhí rabhadh faighte acu roimhe sin ó Nicholas Barker, a bhí ina Chaptaen sa Chabhlach Ríoga. Bhí [[John Nott]], an Rúnaí Cosanta, díreach tar éis tuarascaíl a eisiúint inar mhol sé an HMS Endurance a tharraingt siar ó na hoileáin. Ba í an Endurance an t-aon soitheach a bhí ag an gCabhlach Ríoga in Oileáin Fháclainne, agus ní raibh san Endurance féin ach long bheag oighearbhristeoireachta agus suirbhéireachta. Bhí Barker buartha go n-ionsódh na hAirgintínigh na hoileáin i ndiaidh an tuarascáil a léamh, ó bhí sí ag tabhairt le fios nach raibh an Ríocht Aontaithe fonnmhar na hoileáin a chosaint.