An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Fháclainne"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Falklands,_Campaign,_(Distances_to_bases)_1982.jpg|deas|250px|thumb|Cogadh na FáclainneFháclainne]]
 
Is éard a bhí i gceist le '''Cogadh Fháclainne''' (nó ''Cogadh an Atlantaigh Theas'' mar a deir lucht labhartha na [[Spáinnis]]e: ''La Guerra del Atlántico Sur'') ná cogadh idir [[an Ríocht Aontaithe]] agus [[an Airgintín]] faoi [[Oileáin Fháclainne]] nó ''Las Malvinas'' mar a thugtar orthu as Spáinnis, chomh maith le hOileán Georgia Theas agus le hOileáin Sandwich Theas. Thosaigh an cogadh ar an 2 Aibreán 1982, nuair a rinne an Airgintín ionradh agus forghabháil ar Oileáin Fháclainne; go gairid ina dhiaidh sin shealbhaigh na hAirgintínigh Oileáin Georgia Theas agus Sandwich Theas chomh maith. Bhí an Airgintín le fada ag éileamh na n-oileán seo, agus is cuid lárnach de náisiúnachas na hAirgintíne an t-éileamh seo. Cogadh deich seachtaine a bhí ann. D'ionsaigh cabhlach na Ríochta Aontaithe na hoileáin ar an 5 Aibreán leis an lámh in uachtar a fháil ar chabhlach agus aerfhórsa na hAirgintíne agus an ród a réiteach do na trúpaí talún. Ar an 14 Meitheamh tháinig deireadh leis an gcogadh, nuair a ghéill na saighdiúirí deireanacha Airgintíneacha. Fuair 649 saighdiúirí Airgintíneacha, 255 saighdiúirí Sasanacha agus triúr de bhunadh na n-oileán bás sa teagmháil.