Reigiún aeráideach mórthimpeall an [[meánchiorcal|mheánchiorcail]] is ea <nowiki>'''</nowiki>An Treochris<nowiki>'''</nowiki> (malairt leagan: <nowiki>''</nowiki>Na Trópaicí''). Síneann an réigiún ó [[Trópaic an Phortáin|Thrópaic an Phortáin]] (23.5° ó thuaidh) go [[Trópaic an Ghabhair|Trópaic an Ghabhair]] (23.5° ó dheas). Ag [[grianstad]] an tsamhraidh bíonn [[an Ghrian]] díreach os cionn na trópaice thuaidh, ag dul isteach faoi chomhartha stoidiacach an Phortáin. Mar an gcéanna maidir leis an trópaic theas ag grianstad an tsamhraidh ó dheas (is an gheimhridh ó thuaidh). Go ginearálta bíonn an [[teocht]] ard sa chrios seo, thar 20 °C ar an meán. Sna trópaicí taise, bíonn [[báisteach]] bhliantúil níos mó ná 2,000 mm, sa mhí is tirime chomh beag le 50 mm. [[Foraoisí báistí]] an fásra is coitinne iontu. Sna trópaicí fliucha/tirime bíonn níos mó séasúrachais ann, báisteach mheánach níos mó ná 1,000 mm sa bhliain agus thar 50 mm sa mhí ar feadh 5 mhí ar a laghad. Is é an [[sabhána]] an gnáthfhásra sna réigiúin seo.