An difríocht idir athruithe ar: "Teilifíseán"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Old television set.png|mion|209x209px]]
[[Feadán ga-chatóideach]] ar leith a bhí i d'''teilifíseán''' sa [[20ú haois]]. Sa chás seo tá dhá voltas shábhfhiaclacha, ceann amháin a athdhéanann a chlaonadh ag [[minicíocht]] 25 Hz is a shraonann an pointe breo go ceartingearach ó bharr go bun, agus an ceann eile a shraonann an pointe breo go cothrománach ó chlé go deas 625 uair le linn tréimhse amháin den sraonadh ceartingearach.

''An sraonadh líne'' a thugtar ar an dara ceann seo, agus is é an sraonadh fráma an chéad cheann. Agus iad ag feidhmiú le chéile, is amhlaidh a shraonann siad an pointe breo i bhfiarláin chun fráma iomlán de 625 líne a ghrinniú 25 uair gach [[soicind]].
[[Íomhá:Radio News Sep 1928 Cover.jpg|clé|mion|199x199px|Radio News, M.F. 1928]]
Le linn grinneadh gach líne soláthraítear an comhartha físe do ghreille sa [[leictreonghunna]], rud a mhodhnaíonn déine an léas [[leictreon]], rud a mhodhnaíonn déine lonrach an [[Solas|tsolais]] a astaítear ag an bpointe breo ar an [[scáileán]].

I bhfráma ar bith mar sin, is féidir patrún an lonraithe sa radharc a léiriú. Má bhíonn gluaiseacht sa radharc céanna, is féidir í a léiriú chomh maith de bhrí go n-athdhéantar an fráma 25 uair gach soicind.
[[Íomhá:Science and Invention Television 1928.jpg|clé|mion|Science and Invention Television 1928]]
 
== Stair ==
Ar an [[10 Bealtaine]] [[1928]], cuireadh tús leis an chéad craoladh rialta teilifíse i dtuaisceart [[Nua-Eabhrac (stát)|Stát Nua-Eabhrac]] i Schenectady (W2XB)<ref>https://en.wikipedia.org/wiki/WRGB</ref>. Stáisiún teilifíse de chuid [[General Electric]] a bhí ann.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
[[Catagóir:Teilifís]]