An difríocht idir athruithe ar: "Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
→An tÉirí Amach i Laighin: cúpla alt curtha leis |
||
Líne 89:
== An tÉirí Amach i Laighin ==
I mí Iúil 1580, thosaigh Fiach Mac Aodh Ó Broin, a bhí lonnaithe i sléibhte
I mí Lúnasa, chuaigh Seán Dheasmhumhan agus Nicholas Sanders i gcomhar a chéile le Baltinglas i gContae Laoise in iarracht comheagar a chur ar a gcuid fórsaí, ach cé is moite den chomhoibriú teoranta a rinneadar i gcríocha Ghleann na Bearuithe, níor éirigh leo comhstraitéis a chur i gcrích. Mar sin féin, b’údar mór imní do na Sasanaigh é briseadh amach an reibiliún chomh gearr sin le croílár rialtas na Sasanach i mBaile Átha Cliath.
Bhí an Tiarna Henry Sidney, iar-Fhear Ionaid ar Éirinn in ann a thionchar a imirt ar an bhfreagairt a tugadh mar gheall ar a chomhaltas ar an Ríchomhairle agus i mí Lúnasa 1580 cuireadh Fear Ionaid nua, Arthur Grey, an 14ú Barún Grey de Wilton ar seol go hÉirinn ó Shasana in éineacht le 6,000 trúpa. Ba é an chloch is mó ar phaidrín a bhí ag Grey nó an reibiliún i Laighean a chur faoi chois gan mhoill.
Ar an 25 Lúnasa 1580, chuaigh fórsaí Sasanacha faoi stiúir Grey in aghaidh fórsaí Uí Bhroin agus an Bíocunta Baltinglas i gCath Ghleann Molúra. Agus iad i mbun ruathar a thabhairt faoi dhaingean Uí Bhroin i nGleann Molúra i gcroílár sléibhte Chill Mhantáin rinneadh luíochán orthu agus rinneadh bia míoltóige díobh; fágadh 800 díobh marbh. Rinne Grey de Wilton William Stanley a shannadh chun an Pháil i Laighin a chosaint. Den chuid eile den chogadh, rinne Ó Broin agus a gcomhghuaillithe ruathar a thabhairt ar lonnaíochtaí Sasanacha san oirthear agus san oirdheisceart, agus ní raibh siad in ann deis straitéiseach a thapú as an mbua a bhí acu i nGleann Molúra.
== Rannpháirtithe suntasacha ==
|