An difríocht idir athruithe ar: "Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain"

Content deleted Content added
→‎An tÉirí Amach i Laighin: alt beag curtha leis
Líne 89:
 
== An tÉirí Amach i Laighin ==
I mí Iúil 1580, rinne Fiach Mac Aodh Ó Broin, a bhí lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin, tús a chur leis an reibiliún in oirthear na hÉireann. Chuir sé comhghuaillíocht de thiarnaí agus taoisigh as an réigiún sin le chéile, agus Caomhánaigh, an Ua Tuathail, agus an Ua Mórda ina measc. Bhí a lán de na fórsaí sin ag troid in aghaidh gharastúin na Sasanach ó am go chéile le blianta beaga anuas, ag an am sin. Ba chúis ar leith iad na dúnmharuithe gan chúis a rinne oifigeach Sasanach a bhí bunaithe i gCill Mhantáin darbh ainm Masterson chun cuid mhaith de na baiclí siúd a mhealladh chun éirí amach, de réir dealraimh. Mar dhiúltú siombalach den riail Shasanach, rinne na reibiliúnaithe teideal Rí Laighean a bhronnadh ar Créón Mac Murchú Caomhánach, a raibh an teideal céanna ag a muintir sinsearach roimh teacht na Sasanach. Chuaigh James Eustace Bíocunta Bhealach Conglais, Tiarna seande chuid Shean-ShasanachGhaill denna PháilPála, ar spreagadh é de bharr an creideamh cráifeach a bhí aige sa Caitliceachas go príomha, isteach leis Ó Broin.
 
I mí Lúnasa, chuaigh Seán Dheasmhumhan agus Nicholas Sanders i gcomhar a chéile leis an mBíocunta Bhealach Conglais i gContae Laoise in iarracht comheagar a chur ar a gcuid fórsaí, ach cé is moite den chomhoibriú teoranta a rinneadar i gcríocha Ghleann na Bearuithe, níor éirigh leo comhstraitéis a chur i gcrích. Mar sin féin, b’údar mór imní do na Sasanaigh é briseadh amach an reibiliún chomh gar sin do croílár rialtas na Sasanach i mBaile Átha Cliath
Líne 96:
 
Ar an 25 Lúnasa 1580, rinne fórsaí Uí Bhroin agus an Bíocunta Baltinglas i gCath Ghleann Molúra sléacht ar fhórsaí Sasanacha faoi stiúir Grey. Agus iad i mbun ruathar a thabhairt faoi dhaingean Uí Bhroin i nGleann Molúra i gcroílár [[sléibhte Chill Mhantáin]] rinneadh luíochán orthu agus rinneadh bia míoltóige díobh; fágadh 800 díobh marbh. Rinne Grey de Wilton William Stanley a shannadh chun an Pháil i Laighin a chosaint. Den chuid eile den chogadh, rinne Ó Broin agus a gcomhghuaillithe ruathar a thabhairt ar lonnaíochtaí Sasanacha san oirthear agus san oirdheisceart, agus ní raibh siad in ann deis straitéiseach a thapú as an mbua a bhí acu i n[[Gleann Molúra]].
 
Crochadh roinnt mhaith daoine ón bPáil agus ó cheantair eile ina raibh na Sean-Gaill lonnaithe, dála Loch Garman (ina raibh muintir na háite i gcónaí dílis d’údarás na Sasanach) as a bheith ina mbrathadóirí. Bhí Diarmaid Ó hUrthuile Ardeaspag Caitliceach Chaisil i measc iadsan a gcuireadh chun báis iad, agus chomh maith leis sin fuair Margaret Ball, bean chéile Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus í i gcarcair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Is minic a d’fhógair iadsan a cuireadh chun báis iad a gcreideamh Caitliceach ón scafall agus a tugadh an Eaglais ómós dóibh mar mhairtírigh Chaitliceacha ina dhiaidh dá dheasca.[1] Ba phríomhchúinse é an tsraith básuithe siúd sa tslí ina scaoileadh na Sean-Ghaill ón stát faoi riail na Sasanach in Éirinn ar bhonn fadtréimhseach.
 
== Rannpháirtithe suntasacha ==