An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"

Content deleted Content added
Líne 115:
Ba é comhlacht náisiúnta artola agus gáis na hAirgintíne, YPF (Yacimientos Petrolíferos Fiscales, is é sin, Na hOlaréimsí Fioscacha - nó Olaréimsí an Státchiste) a choinníodh fuinneamh le muintir na nOileán.
 
=== An Cogadh sa bhliain 1982 ===
Cuireadh an chéad síol le Cogadh Fháclainne, nuair a tháinig mangairí dramh-mhiotail i dtír ar Oileán Georgia Theas ar an [[19 Márta]] [[1982]]. D'ardaigh siad an [[Bratach|bhratach]] Airgintíneach. Go gairid ina dhiaidh sin, ar an [[2 Aibreán]] [[1982]], d'fhorghabh na hAirgintínigh Oileáin Fháclainne féin.
[[Íomhá:HMS Portland Sails Near Huge Glacier in South Georgia MOD 45151713.jpg|mion|Oileán Georgia Theas : HMS Portland sa bhliain 2010 ]]
Cuireadh an chéad síol le Cogadh Fháclainne, nuair a tháinig mangairí dramh-mhiotail i dtír ar Oileán Georgia Theas ar an [[19 Márta]] [[1982]]. D'ardaigh siad an [[Bratach|bhratach]] Airgintíneach.
 
=> Príomhalt: '''[[Cogadh Fháclainne]]'''
Go gairid ina dhiaidh sin, ar an [[2 Aibreán]] [[1982]], d'fhorghabh na hAirgintínigh Oileáin Fháclainne féin.
[[Íomhá:Malvinas-bandera.jpg|clé|mion|[[2 Aibreán|Aibreán]] [[1982]]]]
San am seo, bhí an Airgintín á rialú le lámh láidir ag rialtas míleata an Ghinearáil Leopoldo Galtieri, agus é buartha faoina chumhacht, ó bhí géarchéim [[eacnamaíocht]]a ag cothú míshástachta i measc na cosmhuintire. Theastaigh cúis uaidh a d'aontódh an [[náisiún]], agus ba é an seanfhaltanas faoi na hOileáin an t-aon chúis a bhí in aice láimhe dó. Is dócha nár chreid Galtieri agus a chuid ginearál go rachadh na Sasanaigh i dtuilleamaí fórsaí míleata leis na hoileáin a athghabháil.
[[Íomhá:Falklands, Campaign, (Distances to bases) 1982.jpg|mion]]
Bhí cuma cineál barrúil ar thús an chogaidh: ar an 19 Márta, chuaigh baicle de thrádálaithe mangarae ón Airgintín i dtír in Oileán Georgia Theas leis an mbratach bhánghorm a ardú ansin. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na cúrsaí chun dáiríreachta, nó ar an dara lá de Mhí Aibreáin, shealbhaigh fórsaí armtha na hAirgintíne Oileáin Fháclainne féin.
 
Chuala údaráis na Ríochta Aontaithe an chéad iomrá ar an ionsaí seo tríd an [[raidió]] amaitéarach, ach nuair a chuala, ní raibh aon mhoill orthu tascfhórsa armtha a shlógadh le dul chun cogaidh ar na hAirgintínigh. Nuair a bhí na cathanna thart, bhí 258 saighdiúirí Briotanacha agus 649 Airgintíneach tar éis bháis, agus na hOileáin athghafa ag na Sasanaigh. Mar sin féin, tá an Airgintín ag éileamh na nOileán inniu féin.
 
Sa Ríocht Aontaithe, threisigh an cogadh go mór mór le tacaíocht na ndaoine leis an bPríomh-Aire [[Margaret Thatcher]]. Ón taobh eile de, nuair a bhí an cluiche caillte ag na hAirgintínigh, spreagadh an chosmhuintir thall ansin chun móragóidíochta agus sluachorraíola in aghaidh an rialtais mhíleata, agus glactar leis go coitianta gurbh í an agóidíocht seo a chuir deireadh le deachtóireacht na nginearál, ionas gur tháinig an daonlathas ar ais san Airgintín.
 
==== Imeachtaí an Chogaidh ====
[[Íomhá:Land.ops.1.svg|mion]]
Faoi lár an Aibreáin, bhí bunáit aerchogaidh curtha ar bun ag na Sasanaigh in Oileán Ascension. Chuaigh fórsaí armtha an dá stát chun teagmhála le chéile ón Aibreán ar aghaidh. Ar dtús, shealbhaigh na Briotanaigh Oileán Georgia Theas. Chuaigh an chéad díorma dá gcuid i dtír ar an 21 Aibreán, ach ansin, chuir an drochaimsir isteach orthu tuilleadh trúpaí a thabhairt isteach. Ar an 23 Aibreán, tháinig fomhuireán Airgintíneach i gcóngar don tascfhórsa timpeall Georgia Theas, agus cúpla lá ina dhiaidh sin, fuair na Sasanaigh radharc ceart uirthi le hí a ionsaí. Buamáladh í le lánáin doimhneachta is le toirpéid ó na héileacaptair, agus rinneadh an oiread dochair di nach raibh sí ábalta dul faoi uisce a thuilleadh. Thréig an criú an fomhuireán ar an trá i Georgia Theas. Ar an lá céanna, chuaigh na saighdiúirí Sasanacha i dtír ansin, agus ghéill na hAirgintínigh dóibh gan oiread is urchar amháin a scaoileadh.
 
Ina dhiaidh sin, chuaigh eitleáin throma na Ríochta Aontaithe ag buamáil an aerfoirt i bhFáclainn, ach níor éirigh leo mórán dochair a dhéanamh dó: ní raibh na hAirgintínigh i bhfad ag cur deise ar na radair agus ar an rúidbhealach i ndiaidh an bheagáin díobhála a rinne na pléascáin. Go bunúsach, ní raibh na Sasanaigh ach ag cur breosla eitilte amú le linn na n-ionsaithe seo. B'éigean do na heitleáin an-turas a chur díobh ón mbunáit mhíleata in Oileán Ascension go dtí Fáclainn, ionas go gcaithfí breosla a thabhairt dóibh thuas san aer.
[[Íomhá:FALKLANDS 24.jpg|mion|Aerfort Stanley Airport, FMA-58 Pucara]]
Ar an chéad lá de Mhí Bealtaine, thosaigh an troid idir na Briotanaigh agus na hAirgintínigh san aer. Bhí na Briotanaigh ábalta trí eitleán de chuid an namhad a bhaint anuas; thairis sin, thit an ceathrú ceann acu le lámhach na nAirgintíneach féin nuair a bhí sí ag iarraidh filleadh go dtí aerfort Stanley le teacht slán ó na Sasanaigh.
[[Íomhá:ARA Belgrano sinking.jpg|clé|mion|288x288px|ARA ''General Belgrano'': bhí an long taobh amuigh den limistéar cogaidh]]
Ar an 2 Bealtaine, shuncáil fomhuireán Sasanach an cúrsóir éadrom Airgintíneach General Belgrano le toirpéid. Maraíodh breis is trí chéad de chriú na loinge, agus b'éigean leis an seacht gcéad eile acu fanacht le lucht a dtarrthála i bhfarraige fhuar stoirmeach. Sa deireadh, tháinig longa Airgintíneacha agus Síleacha chun fortachta dóibh. Bhí suncáil an General Belgrano ina cúis achrainn ina dhiaidh sin i saol polaitiúil na Ríochta Aontaithe, ó bhí an long taobh amuigh den limistéar cogaidh timpeall na n-oileán, nuair a hionsaíodh í.
 
I ndiaidh shuncáil an Belgrano, bhí misneach an chabhlaigh Airgintínigh briste ar fad. D'fhill siad abhaile, agus níor fhág siad an cuan a thuilleadh. Bhí na heitleáin Airgintíneacha ábalta sásamh éigin a bhaint, nó ar an dara lá de Mhí Bealtaine, d'ionsaigh siad an HMS Sheffield, scriostóir Sasanach. Buaileadh an Sheffield le diúracáin de chuid na n-eitleáin, agus chuaigh sí trí thine.
[[Íomhá:Goose Green from 2 para memorial.jpg|clé|mion|Goose Green]]
Ar an 21 Bealtaine, chuaigh ceithre mhíle de shaighdiúirí Sasanacha i dtír ar na cladaí timpeall San Carlos Water in iarthuaisceart Fháclainn Thoir. Bhí an áit faoi shíorionsaí ag na heitleáin Airgintíneacha, agus bhaist na saighdiúirí Sasanacha ''Bomb Alley'' nó Cosán na mBuamaí ar an oibríocht seo. Mar sin féin, d'éirigh leo ceann droichid a bhunú sna hoileáin féin a chuir ar a gcumas na hAirgintínigh a ionsaí agus na hoileáin a athghabháil.
 
Ón taobh eile de, d'éirigh leis na hAirgintínigh an-damáiste a dhéanamh do chabhlach na Breataine Móire faoin am céanna. Shuncáil siad cúpla [[long]] Shasanach, ina measc long mhór tráchta a bhí ag tabhairt isteach héileacaptair. Cailliúint mhór a bhí ann ó thaobh na loighistice de.
[[Íomhá:Misil Exocet - panoramio.jpg|mion|Exocet ]]
Ar an 27 Bealtaine agus an lá dar gcionn, chuaigh na paratrúipéirí Briotanacha ar aghaidh ó cheann droichid San Carlos le Darwin agus Goose Green a ionsaí. D'éirigh ina chogadh dearg i nGoose Green, agus i ndiaidh cathanna fuilteacha, bhí na hAirgintínigh cloíte. Fuair 55 daoine acu bás sa teagmháil, agus ghéill breis is míle Airgintíneach iad féin do na Briotanaigh.
 
Nuair a bhí na fórsaí Airgintíneacha i nGoose Green curtha i leataobh, thosaigh na trúpaí Briotanacha ag máirseáil trasna leath thuaidh Fháclainn Thoir, i dtreo Teal Inlet ar an gcósta thuaidh.
[[Íomhá:Etendard en 1982.jpg|mion|Super Etendard (SUE), cabhlach Airgintíneach, 1982]]
Faoin am céanna, chuaigh fórsaí speisialta na Ríochta Aontaithe i dtír i gcóngar do Stanley. Bhí na hAirgintínigh meáite, áfach, na Sasanaigh a stopadh ag Mount Kent, in aice le Stanley, agus mar sin, bhí comhchruinneagán mór de dhíormaí Airgintíneacha ag fanacht leo ansin.
 
Ar an 1 Meitheamh, tháinig cúig mhíle de shaighdiúirí Briotanacha isteach, sa bhreis ar a raibh ann cheana. Anois, mhothaigh na Sasanaigh iad féin sách láidir le Stanley a ghabháil. Ar an 2 Meitheamh, chuaigh dornán paratrúipéirí go dtí Swan Inlet. Fuair siad amach go raibh an limistéar saor ó thrúpaí Airgintíneacha ar fad, agus mar sin, d'éirigh na Sasanaigh ródhána: d'fhéach siad le dul i dtír timpeall Port Pleasant ar mórscála, ach ansin, d'iompaigh sé amach go raibh siad in áit nach raibh inchosanta. Mar sin, bhí aerfhórsa na hAirgintíne ábalta an-dochar a dhéanamh agus cuid mhór saighdiúirí a mharú.
[[Íomhá:XZ133 Hawker Siddeley Harrier GR3 (11634322363).jpg|clé|mion|Hawker Siddeley Harrier GR3]]
Ar an 11 Meitheamh, thosaigh mórionradh na mBriotanach ar Stanley. Faoi choim na hoíche, d'ionsaigh briogáid iomlán de shaighdiúirí an fáinne de thalamh ard timpeall na príomhchathrach, agus sluaite móra Airgintíneacha á cosaint. I ndiaidh troideanna troma, cloíodh na hAirgintínigh ar an 14 Meitheamh, agus cimíodh 9,800 saighdiúir Airgintíneach. Ina dhiaidh sin, bhí an cogadh beagnach thart. Ghéill na hiarsmaí deireanacha de na hAirgintínigh iad féin in Oileáin Sandwich Theas, timpeall Oileán Georgia Theas. Le fírinne, bhí na trúpaí Airgintíneacha anseo ón mbliain 1976 ar aghaidh, nó sa bhliain sin, bhunaigh an Airgintín Bunáit Mhíleata Corbeta Uruguay in Oileáin Sandwich Theas le brú a chur ar na Sasanaigh ceart na hAirgintíne ar Oileáin Fháclainne a admháil. Ba chuma leis na Sasanaigh an bhunáit seo go dtí gur phléasc an cogadh amach.
 
[[Íomhá:Argentine POWs guarded by 2 Para.jpg|thumb|Trúpaí Airgintíneacha ina gcimí cogaidh - 17 Meitheamh 1982]]
=== I nDiaidh an Chogaidh ===
[[Íomhá:Argentinegraveseastfalkland.jpg|mion]]
I ndiaidh an chogaidh, chuir fórsaí armtha na Breataine Móire longfort nua míleata ar bun sna hoileáin le súil a choinneáil ar na hAirgintínigh. Cuireadh tarmac nua ar na bóithre agus caoi ní b'fhearr ar na hoileáin ar fad. Tháinig méadú ar dhaonra Stanley, ach tá an tuath á bánú.
 
Sa bhliain 1985, reachtaíodh dlí nua le rialtas dúchais iomlán a chinntiú do na hoileáin. Tá muintir Fháclainne á rialú féin inniu agus daonlathas ionadaíoch acu, cé go bhfuil cúrsaí an pholasaí eachtraigh agus na cosanta fágtha faoi rialtas na Ríochta Aontaithe i gcónaí.
 
Cé go bhfuil na caoirigh tábhachtach do gheilleagar na nOileán i gcónaí, tá athrú ag teacht air sin. Thángthas ar artola, ar dhiamaint agus ar ghás timpeall na nOileán. Thairis sin, tá an turasóireacht ag dul chun tábhachta. Scéal eile fós go mbíonn na hOileáin ag díol cearta iascaireachta le comhlachtaí coimhthíocha iascaigh.
 
[[Íomhá:Aerial photo Port Stanley.jpg|thumb|left|220px|An phríomchathair, Stanley]]