An difríocht idir athruithe ar: "Avicenna"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Fealsamh agus fear leighis Peirseach den gcreideamh Moslamach ab ea '''Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina''', nó '''Ibn Sīnā''', nó '''Avicenna''' mar a thug...'
 
Naisc, íomhá, srl.
Líne 1:
[[Íomhá:Avicenna-miniatur.jpg|mion|Avicenna (980 - 1037)]]
[[Fealsúnacht|Fealsamh]] agus [[Dochtúir leighis|fear leighis]] [[Peirsigh|Peirseach]] den gcreideamhg[[An tIoslam|creideamh Moslamach]] ab ea '''Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina''', nó '''Ibn Sīnā''', nó '''Avicenna''' mar a thugtar air i [[An Laidin|Laidin]] agus i bhformhór [[Teangacha na hEorpa|theangacha na hEorpa]]. Do rugadh é gar do [[Búkhara|Bhúkhara]], i bproibhinse [[Chorasán Mór|Chorasáin Mhóir]] (réigiún atá suite in [[An Úisbéiceastáin|Úisbéiceastáin]] an lae inniubh), ar an 7ú lá de Lúnasa sa bhliain [[980]] agus do fuair sé bás, i gcathair [[Hamadán]] (cathair atá suite in [[An Iaráin|Iaráin]] an lae inniubh), le linn Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1037]]. Is in [[An Araibis|Araibis]] a scríobh sé na saothair dá chuid, saothair a bhaineann le réimsí éagsúla an eolais - an [[réalteolaíocht]], an [[ailceimic]], agus an [[Síceolaíocht|aigneolaíocht]], ina measc. Do thugadh lucht leanúna Avicenna "Cheikh el-Raïs" ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Prionsa na Saoithe') air lena linn.
 
Do scríobh Aviceanna 450 saothar, agus tá thart ar 240 desna saothair sin againn go fóill - 150 saothar a bhaineann leis an bhfealsúnacht, 40 saothar a bhaineann le cúrsaí leighis, saothair a bhaineann leis an dtíreolaíocht, leis an ndiagacht, leis an bhfisic, agus saothair filíochta ina measc. Is iad na saothair is tábhachtaí de chuid Avicenna ná an [[Ciclipéid|chiclipéid]] a scríobh sé fé chúrsaí leighis, ''[[Riail na Liachta (Avicenna)|Riail na Liachta]]'' (Araibis: كتب ا لقا نون في ا لطب ['Citab Al Canún fi Al-Tib']), agus an chiclipéid fealsúnachta a scríobh sé chun anam an duine a leigheas ar a ainbhios, ''[[Leabhar an Leighis (Avicenna)|Leabhar an Leighis]]'' (Araibis: کتاب الشفاء ['Citeb al-Sifa']).
 
Sa lá atá inniubh ann, agus cé nach féidir ach le staraithe amháin leas a bhaint as na leabhair a scríobh Avicenna fé chúrsaí leighis sa lá atá inniubh ann, tá tábhacht ar leith leis na saothair fealsúnachta dá chuid. Saothair is ea iad a bhfuil tionchair dhá thraidisiún fealsúnachta le feiscint iontu, traidisiún an [[An tOirthear|Oirthir]] agus traidisiún an [[An tIarthar|Iarthair]]. Tá oidhreacht Avicenna fós beo in Ioslam na hIaráine. San Iarthar, tá Aviceanna agus a chuid saothar fós ina n-ábhair mhachnaimh d'fhealsúna.
 
{{Síol}}