An difríocht idir athruithe ar: "François Villon"

Content deleted Content added
Líne 15:
 
=== Gníomhaíochtaí coiriúla ar cuireadh ina leith iad ===
Tharla an chéad eachtra mhór dá shaol atáa bhfuil taifead déanta de ar an 5 Meitheamh 1455. Bhí sé i gcuideachta sagairt darbh ainm Gilles agus cailín darbh ainm Isabeau nuair a bhuail sé le Jean le Hardi, máistir ealaíon as Breatain na Fraince, ar Rue Saint Jacques. Bhí le Hardi i gcuideachta sagairt chomh maith, Philippe Chermoye (nó Sermoise, nó Sermaise). Thosaigh an dá bhaicle ag streachailt a chéile, taispeánadh miodóga agus ní amháin go bhfuair Sermaise, ar cuireadh ina leith gur bhagair sé ar Villon agus gur chaith sé an chéad bhuille, sá miodóige mar fhreagra air sin, ach buaileadh é le cloch chomh maith, agus leagadh é dá bharr. Fuair sé bás leis na créachtaí a fuair sé. Chuaigh Villon ar teitheadh agus gearradh pionós díbeartha air, pianbhreith ar tarchuireadh í in 1456 faoi phardún Rí Séarlas VII a scríobh sé i ndiaidh dó an dara cheann de dhá achainí a fháil ina ndearnadh an t-éileamh go raibh Sermoise tar éis maithiúnas a thabhairt do Villon sula bhfuair sé bás.
 
Tá dhá leagan dhifriúla den phardún ar fáil; i gceann amháin aithnítear an té a raibh an choir leagtha air mar " François de Loges, autrement de Villon" ("François des Loges, a tagraítear dó mar Villon d'uaireanta"), agus sa cheann eile mar " François de Montcorbier@. Chomh maith leis sin, deirtear gur inis sé don mháinlia a chóirigh an chneá dó gur "Michel Mouton" ab ainm dó. Ar a laghad, deimhníonn na doiciméid seo dáta a bhreithe, as tagairt a dhéanamh dó a bheith sé bliana is fiche d'aois nó mar sin de ag an am.