An difríocht idir athruithe ar: "David Davis"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Polaiteoir de chuid [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]] sa [[Ríocht Aontaithe]] is ea '''David Michael Davis'''. Rugadh é san [[Eabhrac]], [[Sasana]] ar an [[23 Nollaig]] [[1948]].
 
Tá sé ag feidhmiú ó 2016 i leith mar Rúnaí Stáit um Éalú ón Aontas Eorpach agus tá sé ina Fheisire (MP) do dháilcheantar Haltemprice and Howden ó olltoghchán 1997 anuas. Roimhse sin, toghadh é mar chomhalta de Theach na dTeachtaí ar son Boothferry in 1987 agus toghadh é den athuair in 1992. Tugadh mionn an Rí-Chomhairle dó ag searmanas don 1997 New Year Honours agus roimhe sin bhí sé ina Aire Stáit um Chúrsaí Eorpacha ó 1994 go dtí 1997.
{{síol}}
 
Tugadh Davis in Eastát Aboyne, eastát comhairle in Toofing, in Iar-dheisceart Londan. Tar éis dó freastail ar Bec Grammar School in Toofing, d'éirigh leis céim mháistir sa ghnó a bhaint amach faoin am go raibh sé 25 bliana d'aois agus ansin chuaigh sé le gairm ag obair i Tate & Lyle. Ar dhul isteach sa pharlaimint mar fheisire do Boothferry dó nuair a bhí sé 38 bliana d'aois, rinne an [[John Major|Príomh-Aire John Major]] é a cheapadh mar Aire don Eoraip i mí Meithimh 1994, dualgas a ghlac sé go dtí olltoghchán na bliana 1997. Bhí poist eile a tugadh dó ina dhiaidh sin: Cathaoirleach an Pháirtí Choimeádaigh agus Scáth-Rúnaí Stáit d'Oifig an Leas-Phríomh Aire.
 
Idir 2003 agus 2008, d'fhreastail sé mar Scáth-Rúnaí Baile ar Scáth-chomhaireacht faoi stiúir [[Michael Howard]] agus ina dhiaidh sin faoi stiúir [[David Cameron]]. Bhí Davis ina iarthóir do cheannaracht an [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Pháirtí Choimeádaigh]] in 2001 agus in 2005, agus tháinig sé sa cheathrú is sa dara háit sa dá fheachtas sin, faoi sceach. Ar an 12 Meitheamh 2008, d'fhógair Davis go raibh sé chun éirí as a shuíochán mar fheisire, rud nach raibh aon duine ag súil leis a dhéanamh, agus cuireadh duine eile ina áit mar Scáth-Rúnaí Baile ar an toirt; is é an fáth a ndearna sé seo ná chun déanamh cinnte go mbeadh fo-thoghchán le rith dá shuíochán ionas go mbeadh sé in ann an feachtas sin a úsáid chun aird a tharraingt ar an tslí ina raibh meathadh ag teacht ar shaoirsí sibhialta sa Ríocht Aontaithe a chur faoi chaibidil go poiblí trína feachtas, ina mbeadh an t-ábhar sin ina chroílár. [...]{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Davis, David}}
[[Catagóir:Polaiteoirí na Ríochta Aontaithe (gan Tuaisceart na hÉireann)]]