An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 11:
|iso1=ga|iso2=gle|iso3=gle}}
{{DEFAULTSORT:Ghaeilge, An}}
Is ceann de na teangacha Gaelacha í '''Gaeilge na hÉireann''' (''nó 'an Ghaeilge' mar a thugtar uirthi go hiondúil in Éirinn''), a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T. D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'', ''Gaeilic'' agus ''Gaeilig'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i bPort Láirge); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); ''Gàidhlig'' (in [[Albain]]); ''Gaelg'' nó ''Gailck'' in [[Oileán Mhanann]]; agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|Shean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá ''Gaoluinn'', leis, toisc gur mar ''é'' fada a fhuaimnítear ''ao'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
Líne 34:
=== Nua-Ghaeilge ===
 
Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua - caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad - arlaghad—ar a dtugtar an [[Nua-Ghaeilge Chlasaiceach]]. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanais na ríme is na rithime (abair, ''clach'' agus ''cloch''), ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagan seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a d'éilíodh dlíthe na filíochta.
 
Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm [[Cath Chionn tSáile|Chionn tSáile]] deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na b[[na Péindlíthe|Péindlíthe]], má scríobhtaí in aon chor í, ní raibh ann ach meascán den chanúint áitiúil agus cibé blúirín den teanga Chlasaiceach a bhí foghlamtha ag an scríbhneoir, agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach le himeacht na gcéadta bliain.
Líne 48:
 
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain [[Pádraig Mac Piarais]] amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.[[Íomhá:Cainteoirí Gaeilge - Irish Speakers.svg|deas|200px|thumb|Cainteoirí Gaeilge sa bhliain 2007.]]Bhí [[Pádraic Ó Conaire]] ina státseirbhíseach sóisearach i Londain nuair a chuala sé iomrá ar athbheochan liteartha na Gaeilge. B'as Gaillimh dó, agus canúint an cheantair timpeall aige, siúd is gur féidir lorg Ghaeilge Chontae an Chláir a aithint ar a stíl fosta, canúint a chuaigh i léig idir an dá linn. Scríobh sé scéalta faoi imirce na nÉireannach go Sasana, faoin saol crua a bhí acu thall ansin, faoin bhfánaíocht agus faoi athbheochan an spioraid náisiúnta. B'é an t-úrscéal greanntragóideach úd "Deoraíocht" a mhórshaothar. Thairis sin, scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus altanna iriseoireachta.
Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad ''An tOileánach'' le [[Tomás Ó Criomhthain]], ''Peig'' - tuairisc—tuairisc a thug [[Peig Sayers]] ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-[[An Ghaeltacht|Ghaeltachta]] aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - seo—[[Peig Sayers|Peig]] go háirithe - leháirithe—le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla. [[Íomhá:geill_sli.jpg|260px|thumb|[[Comhartha tráchta]] "Géill Slí" i g[[Contae Phort Láirge]]|clé]]
 
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]], ''Rotha Mór an tSaoil'' le [[Micí Mac Gabhann]], a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí - marbhí—mar a fheictear don léitheoir - dallléitheoir—dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
 
Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht [[Cúige Mumhan|Mhuimhneach]]. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháracha ó na Rosa, [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na scríbhneoirí ba mhó ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí siad páirteach i g[[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Saoirse na hÉireann]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann]], agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil ''An Druma Mór'' agus na dírbheathaisnéise ''Mo Bhealach Féin''; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht [[Language Freedom Movement]], a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.
[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|200px|thumb|Comhartha bóthair.]]
[[Íomhá:Irish road sign.png|thumb|260px|Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge]]
Is é [[Máirtín Ó Cadhain]] an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhichiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, ''Cré na Cille'', amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig - rudreilig—rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]]. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Ní raibh drogall ar bith air roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó [[Gaeilge na hAlban|Ghaeilge na hAlban]], ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.
 
Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear [[Diarmaid Ó Súilleabháin]] agus [[Eoghan Ó Tuairisc]] ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla ''L'Attaque'', faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i g[[Contae Mhaigh Eo]], agus ''Dé Luain'', faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach. Scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]] aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí [[Seán Ó Ríordáin|Seán Ó Riordáin]] ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.
Líne 63:
Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidneach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní. Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta [[Séarlas Mór|Shéarlais Mhóir]]. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an t[[Abrogans]], ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.
 
Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an ''punctum delens'' príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - singcionn—sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air. Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.
[[Íomhá:1913 Seachtain na Gaeilge poster.png|clé|mion|288x288px|
[[Seachtain na Gaeilge]], 1913
Líne 73:
== Stór focal ==
 
Tá isteach nó amach le 42,000 ceannfhocal i bh[[Foclóir Uí Dhónaill]] (gan foirmeacha éagsúla a áireamh, mar shampla bróg, bróga, bróige, bhróg is mar sin de). Tá 56,000 téarma aonfhoclach ar Téarma.ie, 36,000 ach sin nach bhfuil in FGB. Mar sin féin tá cumas ar leith sa Ghaeilge comhfhocail úra a chruthú mar shampla '"páirc'", '"páircín'", '"mórpháirc'", '"mionpháirc'".
 
== Naisc le hábhar eile a bhaineann leis an nGaeilge ==