An difríocht idir athruithe ar: "Críochdheighilt na hÉireann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Ireland.svg|thumb|250px|right|An Chriochdheighilt (líne dubh)]]
Chuaigh an '''Chriochdheighilt''' ar [[Éireann|Éirinn]] ar an [[3 Bealtaine]] [[1921]], nuair a cuireadh [[an tAcht um Rialtas na hÉireann]] ón mbliain 1920 i bhfeidhm. Ar an [[6 Nollaig]] [[1922]], gaireadh [[Saorstát Éireann|Saorstát]] den [[oileán]] go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na [[Tuaisceart Éireann|Sé Contaetha]] in oirthear [[Cúige Uladh|Uladh]] as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, [[Tuaisceart Éireann]] agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar [[Poblacht na hÉireann|Éire]] inniu.
 
== Téarmeolaíocht ==
Is gnách le [[Aontachtóirí|pobal Aontachtach]] an Tuaiscirt "Ulaidh" nó ''Ulster'' a thabhairt ar an stáitín. Tá cúige traidisiúnta Uladh níos mó ná an stáitín sin, nó tá naoi gcontae ann: [[Contae Dhún na nGall|Dún na nGall]], [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]], an [[Contae an Chabháin|Cabhán]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], an [[Contae an Dúin|Dún]], agus [[Contae Aontroma|Aontroim]]. Inniu, is cuid den Phoblacht iad an chéad trí cinn acu, agus an chuid eile acu suite i stáitín an Tuaiscirt.
 
Line 24 ⟶ 25:
Tháinig Tuaisceart Éireann ar an bhfód nuair a bhí cogadh á chur ar fud na hÉireann. Fuair 557 daoine bás de dheasca an fhoréigin pholaitiúil sna blianta 1920-22, le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]] agus go gairid ina dhiaidh. As an iomlán seo, bhí 303 daoine ina gCaitlicigh (cuid acu ina nÓglaigh freisin), agus 172 ina bProtastúnaigh. [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Saighdiúirí dubha]] nó [[Arm na Breataine|dearga]] a bhí i mbeirt dhaoine is ceithre scór acu. I m[[Béal Feirste]] a thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha amach, nó maraíodh 452 dhaoine ansin, 267 daoine acu ina gCaitlicigh. Sa chuid eile den oileán, b'iad na hÓglaigh ó thaobh amháin de agus an dá chineál saighdiúirí ón taobh eile de a bhí ag cur catha ar a chéile. B'é an chuma a bhí ar na cúrsaí sa Tuaisceart ná go raibh na dreamanna Dílseacha agus an fórsa póilíní cúnta a dtugtaí na B-Speisialtaigh air ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh le díoltas a agairt ar an bpobal iomlán as a raibh déanta ag na hÓglaigh. Is é an chiall a bhain na Náisiúntóirí as seo ná gur [[pogram]] a bhí ann, is é sin, go raibh géarleanúint á déanamh orthu ar chúiseanna seicteacha amháin.
 
Sa bhliain 1920, mar shampla, mharaigh na hÓglaigh Cigire Ceantair de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, fear dar shloinne Swanzy, taobh amuigh de theampall Protastúnach i [[Lios na gCearrbhach]]. Ansin, d'imir na Dílseoirí díoltas ar phobal Caitliceach na háite ar fad, nó chuir siad cuid mhór den cheantar Chaitliceach trí thine. Mar sin féin, cé go raibh i bhfad ní ba mhó Caitlicigh thíos leis na gníomhartha uafáis (58 % acu siúd a fuair bás, cé nach raibh ach triúr as gach deichniúr de mhuintir na háite ina gCaitlicigh), rinne lucht an dá thaobh coireanna den chineál sin. Is léir go raibh muintir an Deiscirt féin an-mhíshásta leis an íde a fuair a gcomhreiligiúnaigh thuaidh, agus mar sin, thosaigh siad ag baghcatáil tráchtearraí an Tuaiscirt. Daoine de cheannairí an tSaorstáit úrbhunaithe, [[Mícheál Ó Coileáin]] ina measc, fiú, - bhí siad inbharúla gur chóir ionsaí míleata a thabhairt faoin Tuaisceart. Stopadh na pleananna seo, áfach, nuair a d'éirigh ina chogadh dearg idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh, agus idir an dá linn, bhí sé de sheal ag Aontachtóirí an Tuaiscirt córas láidir stáit a chur ar bun is a bhuanú ina stáitín. De thoradh Chogadh Cathartha na hÉireann, áfach, tháinig an tIRA ar an bhfód. Is éard a bhí i gceist leis an IRA ná scoilteán de shean-Óglaigh na hÉireann: dornán de náisiúnaithe dochomhairleacha a bhí meáite ar an dá stát in Oileán na hÉireann a chur de dhroim an tsaoil le Poblacht na mblianta 1919-1921 a athbhunú.[[File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|mion|11 Nollaig 1924. [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorann.]] Mr. J. R. Fisher; i lár: Mr. Justice Feetham; ar dheis, Dr. Eoin MacNeill.|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|400x400px]]Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorainne]] cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór.
 
== 1925 ar aghaidh ==
Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorainne]] cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór. San am sin, thug an Saorstát aitheantas ''de facto'' don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud. Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm in Éirinn a raibh an-lámh ag [[Éamon de Valera]] ina dhréachtú. In Alt a Dó agus in Alt a Trí sa bhunreacht seo a socraíodh gurbh ionann Éire, mar stát, agus oileán na hÉireann. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur aithin an bunreacht teorainneacha na bliana 1922 go sealadach, go dtí go n-athaontófaí an tír.
San am sin, thug an Saorstát aitheantas ''de facto'' don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud.
 
Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorainne]] cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór. San am sin, thug an Saorstát aitheantas ''de facto'' don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud. Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm in Éirinn a raibh an-lámh ag [[Éamon de Valera]] ina dhréachtú. In Alt a Dó agus in Alt a Trí sa bhunreacht seo a socraíodh gurbh ionann Éire, mar stát, agus oileán na hÉireann. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur aithin an bunreacht teorainneacha na bliana 1922 go sealadach, go dtí go n-athaontófaí an tír.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
[[Catagóir:Polaitíocht na hÉireann]]