An difríocht idir athruithe ar: "Críochdheighilt na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 16:
Mar fhreagra ar [[Óglaigh Uladh]], chuir na Náisiúntóirí ar fud na hÉireann eagraíocht mhíleata dá gcuid féin ar bun - is é sin, [[Óglaigh na hÉireann]], a bhí meáite ar an Rialtas Dúchais a chinntiú d'Éirinn i ndiaidh an chogaidh, sa chás is go rachadh Londain siar ar a gealltanas faoi thionchar na nAontachtóirí, agus an dearcadh dáigh dochomhairleach a bhí acu siúd.
 
De réir a chéile, áfach, d'insíothlaigh [[Bráithreachas na Poblachta]] na hÓglaigh. Rúnchumann réabhlóideach ab ea an Bráithreachas, agus é dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Náisiúntóirí radacacha ab ea baill an Bhráithreachais, cosúil le [[Pádraig Mac Piarais]]. Ó bhí dhá eagraíocht pharaimíleata - Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann - ag druileáil agus ag máirseáil timpeall go hoscailte, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an tír, ach nuair a phléasc [[an Chéad Chogadh Domhanda]] amach, cuiread an ghéarchéim ar fionraí. Chuaigh an Rialtas Dúchais ar leabhar an dlí, ach má chuaigh féin, ní raibh sé le dul i bhfeidhm ach i ndiaidh an chogaidh.[[File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|mion|11 Nollaig 1924. [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorann.]] Mr. J. R. Fisher; i lár: Mr. Justice Feetham; ar dheis, Dr. Eoin MacNeill.|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|400x400px]]Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh na Náisiúntóirí amach]] um Cháisc na bliana [[1916]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i b[[príosún Chill Mhaighneann]] i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais.
 
Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh na Náisiúntóirí amach]] um Cháisc na bliana [[1916]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i b[[príosún Chill Mhaighneann]] i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais.
 
Tháinig torthaí na forbartha seo chun solais sna holltoghcháin i Mí na Nollag 1918, nuair a bhain [[Sinn Féin]] - páirtí na scarúnaithe - amach tromlach na suíochán parlaiminte in Éirinn. Ní dheachaigh Feisirí Shinn Féin go Westminster riamh. Ina áit sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath le parlaimint ar leith a bhunú d'Éirinn, parlaimint ar thug siad [[An Chéad Dáil|Dáil Éireann]] uirthi. Is é an rud a bhí déanta acu ansin ná slán a fhágáil ag an Ríocht Aontaithe go deo, cé nach bhfuair siad aitheantas aon tíre dá neamhspleáchas go fóill. San am céanna, thosaigh Óglaigh na hÉireann, a ghlac leis gurbh iad féin arm na tíre úrbhunaithe, - thosaigh siad ag cur cogaidh ar na fórsaí Gallda in Éirinn. Rinneadh an chéad ionsaí in Eanáir 1919 ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]], agus maraíodh beirt [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|saighdiúirí dubha]] Caitliceacha a bhí ag seoladh coinsíneacht geiligníte.
 
== Acht um Rialtas na hÉireann (1920) ==
[[Íomhá:Irish border on the Lenamore Road - geograph.org.uk - 611778.jpg|mion|anAn teorainn inniu - bóthar Lenamore|alt=|333x333px]]
Sa bhliain 1920, bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus fórsaí armtha na Breataine Móire. Ansin, reachtaigh na Sasanaigh an [[An tAcht um Rialtas na hÉireann|tAcht um Rialtas na hÉireann]] (Government of Ireland Act). B'é an tAcht seo a dheighil Éire ina dhá dlínse, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann. Dearbhaíodh an chríochdheighilt in athuair sa [[Chonradh Angla-Éireannach]] sa bhliain 1921. Chuir an Conradh deireadh leis an treallchogaíocht agus chruthaigh sé [[Saorstát Éireann]], stát a bhí beagnach neamhspleách, ar an taobh theas den teorainn. Thug an Conradh aitheantas don scoilt a dhealaigh na hAontachtóirí Protastúnacha, arbh in Ultaibh ba mó a bhí cónaí orthu, agus iad ag roghnú na Breataine Móire thar neamhspleáchas na hÉireann, ó na Náisiúntóirí Caitliceacha, arbh fhearr leo stát neamhspleách dá gcuid féin a bheith acu.
 
Line 32 ⟶ 30:
== Foréigean ==
Tháinig Tuaisceart Éireann ar an bhfód nuair a bhí cogadh á chur ar fud na hÉireann. Fuair 557 daoine bás de dheasca an fhoréigin pholaitiúil sna blianta 1920-22, le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]] agus go gairid ina dhiaidh. As an iomlán seo, bhí 303 daoine ina gCaitlicigh (cuid acu ina nÓglaigh freisin), agus 172 ina bProtastúnaigh. [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Saighdiúirí dubha]] nó [[Arm na Breataine|dearga]] a bhí i mbeirt dhaoine is ceithre scór acu.
[[Íomhá:The Border - geograph.org.uk - 505879.jpg|clé|mion|An teorainn inniu]]
 
I m[[Béal Feirste]] a thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha amach, nó maraíodh 452 dhaoine ansin, 267 daoine acu ina gCaitlicigh. Sa chuid eile den oileán, b'iad na hÓglaigh ó thaobh amháin de agus an dá chineál saighdiúirí ón taobh eile de a bhí ag cur catha ar a chéile. B'é an chuma a bhí ar na cúrsaí sa Tuaisceart ná go raibh na dreamanna Dílseacha agus an fórsa póilíní cúnta a dtugtaí na B-Speisialtaigh air ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh le díoltas a agairt ar an bpobal iomlán as a raibh déanta ag na hÓglaigh. Is é an chiall a bhain na Náisiúntóirí as seo ná gur [[pogram]] a bhí ann, is é sin, go raibh géarleanúint á déanamh orthu ar chúiseanna seicteacha amháin.
 
Sa bhliain 1920, mar shampla, mharaigh na hÓglaigh Cigire Ceantair de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, fear dar shloinne Swanzy, taobh amuigh de theampall Protastúnach i [[Lios na gCearrbhach]]. Ansin, d'imir na Dílseoirí díoltas ar phobal Caitliceach na háite ar fad, nó chuir siad cuid mhór den cheantar Chaitliceach trí thine. Mar sin féin, cé go raibh i bhfad ní ba mhó Caitlicigh thíos leis na gníomhartha uafáis (58 % acu siúd a fuair bás, cé nach raibh ach triúr as gach deichniúr de mhuintir na háite ina gCaitlicigh), rinne lucht an dá thaobh coireanna den chineál sin. Is léir go raibh muintir an Deiscirt féin an-mhíshásta leis an íde a fuair a gcomhreiligiúnaigh thuaidh, agus mar sin, thosaigh siad ag baghcatáil tráchtearraí an Tuaiscirt.
[[Íomhá:Republic of Ireland border crossing sign kmh.JPG|clé|mion|An teorainn inniu]]
 
Daoine de cheannairí an tSaorstáit úrbhunaithe, [[Mícheál Ó Coileáin]] ina measc, fiú, - bhí siad inbharúla gur chóir ionsaí míleata a thabhairt faoin Tuaisceart. Stopadh na pleananna seo, áfach, nuair a d'éirigh ina chogadh dearg idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh, agus idir an dá linn, bhí sé de sheal ag Aontachtóirí an Tuaiscirt córas láidir stáit a chur ar bun is a bhuanú ina stáitín. De thoradh Chogadh Cathartha na hÉireann, áfach, tháinig an tIRA ar an bhfód. Is éard a bhí i gceist leis an IRA ná scoilteán de shean-Óglaigh na hÉireann: dornán de náisiúnaithe dochomhairleacha a bhí meáite ar an dá stát in Oileán na hÉireann a chur de dhroim an tsaoil le Poblacht na mblianta 1919-1921 a athbhunú.[[File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|mion|11 Nollaig 1924. [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorann.]] Mr. J. R. Fisher; i lár: Mr. Justice Feetham; ar dheis, Dr. Eoin MacNeill.|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|400x400px]]
== 1925 ar aghaidh ==
Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorainne]] cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór.