An difríocht idir athruithe ar: "Cosslett Ó Cuinn"

Content deleted Content added
Picapica (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Picapica (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Sagart de chuid [[Eaglais na hÉireann]] ba ea Coslett Ó Cuinn. Rugadh é i nDoire Achaidh, [[Contae Aontroma]], ar an [[27 Feabhra]] [[1907]]. Fuair sé a chuid [[oideachas|oideachais]] i mBailem[[Baile Átha Cliath]] agus i m[[Béal Feirste]], agus d'fhreasstas sé ar [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]] ina dhiaidh sin. Bronnadh céim sa Diagacht air i 1940 agus ghnóthaigh sé bonn óir sna Clasaicí. Chuir sé spéis sa Ghaeilge agus é ina mhac léinn agus rinne staidéar ar Ghaeilge Uladh. Ba mhinic a thug sé cuairt ar Ghabhla agus ar na Doirí Beaga i dTír Chonaill. chaith sé tamall ina dhéagánach i mBéal Feirste agus in [[Inis Eoghain]]. Bhailigh sé béaloideas i dToraigh agus in Árainn Mhór. Mar shéiplíneach cuireadh ag obair é in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. File, diagaire, léirmheastóir, scoláire bíobalta, agus ball den ghluaiseacht éiciúméineach a bhí ann. Ceapadh é ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961, agus thosaigh sé ag obair ar aistriúchán nua den Tiomna Nua i gcomhar le hEarnán de Siúnta. D'aistrigh sé Leabhar na Salm agus Leabhar Urnaí Eaglais na hÉireann go Gaeilge chomh maith. D'aistrigh sé [[Cúirt an Mheánoíche]] go Béarla chomh maith le roinnt dánta le [[Seán Ó Ríordáin]]. D'fhoilsigh [[Coiscéim]] dhá leabhar a d'asitrigh sé ón Spáinnis.
Bhí sé ar dhuine díobh siúd a mhol [[Máirtín Ó Cadhain]] do phost léachtóra i gColáiste na Tríonóide.
D'éag sé ar an 6 Nollaig 1995.