An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

3 bytes removed ,  2 bhliain ó shin
no edit summary
m
== Uafás an Chogaidh ==
 
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán [[an Rúis|Rúiseach]] an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail granáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an eirleach . Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.
 
== Le Bheith ina Scríbhneoir ==
== Saighdiúir na Fionlainne ina Steillbheatha ==
 
Nuair a fuair Linna biseach i ndiaidh na géarchéime, bhí seisean agus an foilsitheoir sásta an t-úrscéal Meisiasach a fhágáil sa tarraiceán. Anois, áfach, chrom Linna ar a sheanphlean a thabhairt i gcrích faoi dheoidh - úrscéaldheoidh—úrscéal eipiciúil a scríobh faoi shaighdiúirí Fionlannacha an Dara Cogadh Domhanda, mar ab aithin dó féin iad. Mar is léir ón teideal simplí a bhaist sé ar an úrscéal - úrscéal—''Sotaromaani'' (nach gciallaíonn ach "Úrscéal Cogaidh") - bhí—bhí sé meáite ar chur síos a thabhairt ar imeachtaí an chogaidh nach scinnfeadh ón bhfírinne mar a thuig sé féin í. B'é ba impleacht dó seo go raibh an lámhscríbhinn ramhar le mionna móra, jioranna, crístíní agus mígheanmnaíocht den chineál a chluinfeá ó shaighdiúir ar bith i gcogadh ar bith. Thairis sin, ba mhinic a fuair Linna locht tromchúiseach ar an dóigh a mbítí ag stiúradh an chogaidh agus an airm.
 
Mar sin, siúd is go raibh an foilsitheoir as pabhar doirte don scéal agus do na pearsana a raibh beocht, bríomhaireacht agus inchreidteacht chraicneach ag roinnt leo go flúirseach, fuair sé riachtanach cuid de na mionnaí móra agus den chriticeoireacht chogaidh a bhaint den lámhscríbhinn sula bhfoilseofaí í. Ní mó ná sásta a bhí Linna leis an sórt seo cinsireachta, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló faoin teideal nua a cheap an foilsitheoir dó - dó—''[[Tuntematon sotilas]]'' ("An Saighdiúir Anaithnid"), chuaigh an tír ar fad le mire faoi. Bhain an leabhar amach margadh Nollag na bliana [[1954]], rud a chiallaigh gurb iomaí iarshaighdiúir a fuair mar bhronntanas Nollag í. Go tobann, bhí Linna i mbéal an tsaoil mhóir is a mháthartha , agus an tír scoilte ar fad ag an leabhar. An duine nár thug taitneamh agus teasghrá don úrscéal seo, bhí fuath na ndaol aige air.
 
Cuid mhór acu siúd a d'ionsaigh agus a lochtaigh an t-úrscéal, bhí siad barúlach go raibh saighdiúir curata na Fionlainne náirithe ag Linna, nó "is follasach nach mbeadh a leithéid de dhroch-chaint ar siúl ag aon saighdiúir Fionlannach". Cuireadh Cumannachas agus [[Boilséiveachas]] i leith Linna, mar sin. Na scríbhneoirí nua-aimseartha a tháinig ar an bhfód i dtús na gcaogaidí, bhí siad míshásta le saothar Linna toisc é a bheith chomh coinbhinsiúnta, chomh traidisiúnta, chomh réadúil. Theastaigh scéalta de chineál eile uathu, scéalta a bheadh chomh míréasúnta leis an gcogadh féin - anféin—an cineál scéalta a scríobh [[Günter Grass]] sa Ghearmáin, is dócha.
 
Iad siúd ar thaitin an t-úrscéal leo, bhí siad líonmhar chomh maith, agus an chuid ba mhó acu tar éis a gcuid féin den chogadh a fheiceáil le súile a gceann féin. B'é a ngéarbharúil é gurbh é seo an chéad úrscéal a thaispeáin saighdiúir na Fionlainne ina steillebheatha , mar ba chuimhin lena chuid comhshaighdiúirí é.
 
Thar aon rud eile, bhí an leabhar foirgthe le tíopaí dodhearmadta de dhaoine a bhféadfadh aon saighdiúir a chomhionannú a dhéanamh le duine acu. An chuid is mó acu, áfach, níl siad róchurata mar shaighdiúirí. Ní suim le ''Rahikainen'', mar shampla, ach mná, camghnóthaí agus ól, agus nuair a chuirtear na fir ar stáisiún i gcathair atá forghafa ag na Fionlannaigh, ní thógann sé mórán ama ar Rahikainen fíor-impireacht mheirdreachais agus chaimiléireachta a chur ar bun sa chathair. Maidir le ''Vanhala'', is buachaill simplí páistiúil é nach dtuigeann i gceart dáiríreacht an chogaidh, agus é ag sciotaíl gháire an t-am ar fad faoi scéalta magaidh na saighdiúirí eile.
== Eipic Mhillteanach na Staire ==
 
Duine de na pearsana is lú suntais is ea Vilho Koskela, oifigeach de phór an lucht oibre a dtugann a chomplacht Ville Vaitelias, nó Liam ina Thost, air. Ní labhraíonn sé mórán, agus is ciúin an cineál báis féin a fhaigheann sé sa deireadh, ach is é a chiúnas - anchiúnas—an dóigh a seachnaíonn sé baothchaint - abaothchaint—a thuilleann clú dó óna chuid saighdiúirí. Is é an rud is spéisiúla faoi ná nuair a thosaíonn duine de na saighdiúirí ag canadh amhrán Cumannach le stainc ar na hoifigigh, go n-iarrann Koskela air leanúint leis. Nó is amhlaidh go bhfuil cuimhní a chéad óige fite fuaite le cogadh cathartha na Fionlainne sa bhliain [[1918]], nuair a bhí na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána ag cur cogaidh ar a chéile faoi thodhchaí na Fionlainne. San am sin a chuala Koskela na hamhráin seo, nuair nach raibh ann féin ach buachaill beag.
 
Nuair a bhí díospóireacht an tSaighdiúra Anaithnid traidhfilín ciúnaithe síos, bhí d'uain ag Linna cromadh ar an gcuid eile de scéal mhuintir Koskela a insint. B'ansin - iansin—i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí - aseascaidí—a scríobh sé an tríológ mhór mhillteanach úd ''Täällä Pohjantähden alla'' ("Anseo faoin Réalta Pholach").
[[Íomhá:Väinö Linna's grave.jpg|thumb|Uaigh Väinö Linna (Tampere)]]
 
Tosaíonn an triológ i ndeireadh na naoú haoise déag, leis na focail chlúiteacha ''Alussa oli suo, kuokka - jakuokka—ja Jussi'' - is—is é sin, "i dtús báire, ní raibh ann ach portach, matóg agus Seáinín" (is é ''Jussi'' an leagan Fionlainnise de Eoin nó Seán). Portach de chuid an mhinistéara is ea é, agus is scológ é Jussi a bhfuil féith na hoibre ann, sa chaoi is go ngeallann an ministéir dó bothán tionónta a thógáil in áit an phortaigh, má éiríonn leis an portach a dhraenáil, talamh an phortaigh a iompú bun os cionn agus an áit a thabhairt chun míntíreachais. Draenálann sé an portach agus tógann sé an bothán ina bhfuil sé lena chlann a thabhairt suas. Mar seo, cuireann Jussi bun le muintir Koskela, agus is trí eachtraí an teaghlaigh seo a thaispeánann Linna dúinn cinniúint na bhFionlannach i measc imeachtaí na staire comhaimseartha.
 
Fiú i ndiaidh a chuid tailte féin a mhíntíriú, níl i Jussi ach tionónta, agus an ministir Salpakari mar thiarna talún aige. Bean bhaoth fhanaiceach is ea bean chéile an mhinisteara, agus í ag síleadh an dúrud di féin. Náisiúnaí cruthanta í, ach siúd is go bhfuil an Fhionlainnis i mbarr a teanga aici, ní thuigeann sí don chosmhuintir leath chomh maith is a chreideann sí. Déanann sí, fosta, spior spear de chúrsaí eacnamaíochta an tí, i gcruth is go gcaithfidh an ministir cuid de thailte an bhotháin a choigistiú ó Jussi. Faoin am seo, áfach, tá clann ag Jussi, triúr mac nach bhfuil in aon chóngar do bheith chomh humhal le Jussi féin do na daoine uaisle. Is é a dtuairim siúd go gcaithfear sásamh na dtailte a bhaint as an ministir, an lá is faide anonn.