Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
=== An Réabhlóideachas Rúiseach ===
 
Thosaigh réabhlóideachas nua-aimseartha sa Rúis sa bhliain [[1823]], nuair a d'éirigh Lucht Mhí na Nollag (''Dekabristy'' / ''Декабристы'') amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh óga airm ab ea na ''Dekabristy'' agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobrálaigh a bhí ag dul timpeall na Rúise san am sin. B'é an bunreacht scríofa an rud ba mhó a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Rúis, nó is amhlaidh gur uathlathas mínáireach ab ea Impireacht na Rúise gan srianta ar bith le cumhacht an tSáir.
 
Rinne na hImpirí iarrachtaí áirithe le maolú ar an réabhlóideachas trí leasuithe polaitiúla. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain [[1861]]. Bhí na leasuithe ag teacht i bhfad rómhall, dar leis na réabhlóidithe, agus nuair a chaill na Rúisigh an cogadh in aghaidh na Seapánach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Rúise chun cearmansaíochta ar an Impire an chéad uair. Bhain siad amach an ''Dúma'', an chéad pharlaimint Rúiseach, ach ní raibh an tImpire sásta mórán fíorchumhachtaí a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisirí an chuid ba mhó den am ag óráidíocht, agus ós rud é nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athrú, bhí sé chomh maith acu bolscaireacht réabhlóideach a dhéanamh ina gcuid aitheasc. Go dtí sin, choinnigh an chinsireacht an cineál sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoiblí, ach anois, b'éigean do na nuachtáin gach focal a chur i gcló. Faoi bhrú na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Rúise go sciobtha chun radacachais, agus níor tháinig mórán maolú ar na trioblóidí.
Sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire ró-chumasach riamh. Bhí sé go mór mór faoi thionchar a mhná céile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghníomhach aici, agus, thairis sin, bhí slusaithe éagsúla ina thimpeall ag déanamh plámáis leis, agus iad ag moladh dó gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhí ag éileamh cearta agus saoirse.
[[Íomhá:Rasputin piercing eyes.jpg|mion|[[Grigoriy Rasputin|Rasputin]]]]
B'é [[Grigoriy Rasputin]] (''Григорий Распутин'') a bhí i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Bráthair siúil ón tSibéir a bhí ann nach raibh léann ar bith aige, ach bhí sé á urramú go mór mór ag bean chéile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fíor-chosmhuintire Rúisí sa chúirt. Sa bhliain 1916, áfach, dhúnmharaigh an Prionsa Felix Yusupov é - fearé—fear frithghníomhach, antoisceach ón eite dheas, a bhí den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea Rasputin. Nuair a bhí an eite dheas féin in ann a leithéid a dhéanamh, ba léir nach raibh mórán duine fanta sa Rúis a bheadh muiníneach as an Impire, agus, ní nárbh ionadh, chuir [[Réabhlóid na Feabhra]] an Sár ó chumhacht sa bhliain 1917.
 
=== Réabhlóid Dheireadh Fómhair ===
 
Tháinig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh - anchogadh—an Chéad Chogadh Domhanda - inaDomhanda—ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin - sóivéidíféin—sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd ''Совет/Sovet'' ná "comhairle").
[[Íomhá:Bolshevikki juliste-Itä-Karjala.jpg|clé|mion|461x461px]]
Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an [[Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha|Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh]] ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil.
=== An Cogadh Cathartha ===
 
Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an ''Cheka'' (giorrúchán is ea an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise ''чрезвычайнаяЧрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya Komissiyakomissiya'', is é sin, an Coimisiún Neamhghnách - nóNeamhghnách—nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge).
 
Mar chuid den chogaíocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilséivigh an chumhacht a fhorghabháil, d'éirigh ina chath idir an Rúis Bhoilséiveach agus an Pholainn, a bhí díreach ag baint amach a neamhspleáchais. D'éirigh leis na Polannaigh, fiú, [[Cív]], príomhchathair na hÚcráine, a shealbhú agus a choinneáil ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'éigean dóibh an chathair a thréigean agus tarraingt ar ais go dtí an Pholainn. Bhí marcshlua an Airm Dheirg faoi cheannas an Mharascail Semyon Budyonnyi in ann Vársá féin a bhagairt, ach stop na fórsaí Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mí Lúnasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a síníodh an conradh síochána i Rīga[[Ríge]], príomhchathair na Laitvia, i dtús na bliana 1921, fágadh iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dála an scéil, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Sóivéadach [[Isaak Babel]] a phríomhshaothar, an díolaim gearrscéalta úd ''Конармия/Konarmiya'' ("An Marcshlua").
 
=== Aon Pháirtí Amháin ===
[[Íomhá:Lenin attempt.jpg|mion|333x333px|Fanny Kaplan : Пчёлин, Владимир Николаевич (1859–1941)]]
Rialtas aon pháirtí amháin ab ea rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana [[1918]]. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa [[1918]], coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá.
 
=== Ó Chogadh go Síocháin ===
 
Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí an rialtas Boilséiveach ag cloí go dian le polasaí Cumannach i gcúrsaí eacnamaíochta, agus is gnách "Cumannachas an Chogaidh" a thabhairt ar an gcur chuige a bhí ag an rialtas i gcúrsaí an gheilleagair sna blianta sin. Chothaigh Cumannachas an Chogaidh míshástacht fiú i measc na mairnéalach cogaidh, a bhí ar ceann de na dreamanna ba mhó a chabhraigh le Léinín an chumhacht a shealbhú. I ndiaidh cheannairc na mairnéalach seo i mbunáit chabhlaigh Kronstadt in aice le Cathair Pheadair, chinn Léinín ar éirí as Cumannachas an Chogaidh, agus i Márta 1921, tugadh isteach NEP - anNEP—an Polasaí Nua Eacnamaíochta (''Новая экономическая политика'' (''НЭП'') / ''Novaya Ekonomicheskayaekonomicheskaya Politikapolitika'') - a(''NEP''))—a lig scód áirithe leis an bhfiontraíocht phríobháideach arís.
[[Íomhá:Flag of the League of Nations (1939–1941).svg|clé|mion]]
 
Sa bhliain [[1928]], chuir Stailín tús leis an chéad Phlean Cúig Bliana san Aontas Sóivéadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnáisiúnta a bhí á chur in iúl ag Léinín agus ag Trotscaí ó thús na réabhlóide, bhí na Pleananna Cúig Bliana meáite ar an Sóisialachas a chur ar bun in aon tír amháin. Chuaigh an Stát i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaíocha ar fad a bhí ag obair sa tír, agus bunaíodh feirmeacha comhsheilbhe ([[Calchas|calchais]]) ar fud an Aontais Shóivéadaigh. D'iompaigh an tír ina cumhacht mhór tionsclaíochta, ach san am céanna, fágadh cuid mhór den daonra ar an mblár fholamh. Chuir na scológa go fíochmhar in aghaidh bhunú na gcalchas, agus nuair a chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire, fuair na milliúin de dhaoine bás sa teagmháil. Níor tháinig aon mhaolú ar chorraíl na sochaí sna tríochaidí ach an oiread. Phurgaigh an Stailín an páirtí le fáil réitithe de na sean-Bhoilséivigh a thabhaigh a dhintiúirí ó Léinín féin, agus chuir sé daoine ní b'óige, ní ba sochomhairlí ina n-áit.
[[Íomhá:Gulag work.jpeg|clé|mion|333x333px|Gulag, campa géibhinn]]
San am céanna, cimíodh na mílte gnáthshaoránaigh Shóivéadacha ar chúiseanna doiléire, agus murar maraíodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campaí daoroibre iad. Tógadh mogalra uilechuimsitheach de na campaí seo ar fud na tíre, agus údarás ar leith á riar is á reachtáil - reachtáil—[[GULag]] (''ГУЛАГ''), nó Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. B'é ba chuspóir leis na campaí seo go hoifigiúil ná obair fhónta a sholáthar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is é an rud a bhí ag tarlú dháiríre ná go raibh na fíorchoirpigh ag mursantacht ar na campaí ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na séiléirí ná ag na coirpigh ar na cimí polaitiúla, nár thuig go leor acu go raibh aon rud as cosán déanta acu ar aon nós.
 
Cé go raibh an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach mímhuiníneach as a chéile, mhéadaigh ar an gcomhoibriú eatarthu i rith na d[[1930idí|tríochaidí]]. Sa bhliain [[1933]], thosaigh an caidreamh dioplómaitiúil idir an tAontas Sóivéadach agus [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stáit Aontaithe]]. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, thacaigh an tAontas Sóivéadach go gníomhach le lucht leanúna na Poblachta i g[[Cogadh Cathartha na Spáinne]] in aghaidh [[Francisco Franco|Franco]] a bhí ag fáil cabhrach ó Fhaisistigh na hIodáile agus ó Naitsithe na Gearmáine. Mar sin féin, i ndiaidh don Ríocht Aontaithe agus don Fhrainc Conradh München a shíniú leis an nGearmáin, bhí an tAontas Sóivéadach sásta comhoibriú le Hitler i gcúrsaí eacnamaíocha agus míleata.
Chuaigh ionsaí na nGearmánach in abar i g[[Cath Stalingrad]] a mhair ón dara leath den bhliain 1942 go dtí an chéad leath na bliana 1943. B'ansin a casadh taoide an chogaidh, agus ina dhiaidh sin, d'éalaigh an tArm Gearmánach ón Aontas Sóivéadach trí Oirthear na hEorpa go dtí Beirlín féin, sular ghéill an Ghearmáin sa deireadh sa bhliain 1945. Cé go ndearna an cogadh an-éirleach san Aontas Sóivéadach, d'iompaigh an tír sin ina hollchumhacht dhomhanda de thoradh an chogaidh.
 
I dtús na tréimhse iarchogaidh, rinne an tAontas Sóivéadach a gheilleagar a atógáil agus a fhairsingiú, ach níor maolaíodh ar lárstiúradh an chórais. Chabhraigh an tAontas Sóivéadach le bail nua a chur ar thíortha Oirthear na hEorpa freisin, ach san am céanna, chuir sé an córas Cumannach i bhfeidhm sna tíortha sin freisin, agus hiompaíodh ina stáit shatailíteacha iad. Bhí gach tír acu á rialú ag rialtas soip, agus iad uile á gceangal den Aontas Sóivéadach trína mballraíocht i g[[Comhaontú Vársá|Conradh Vársá]] agus in eagraíocht eacnamaíoch na dtíortha Cumannacha (COMECON). I bhfianaise an impiriúlachais seo, d'iompaigh an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] agus na Stáit Aontaithe, a bhí ina gcomhghuaillithe ag an Aontas Sóivéadach i mblianta an chogaidh, - d'iompaigh siad ina naimhde. Thosaigh an Cogadh Fuar idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe nár tháinig deireadh leis sular thit an tóin as an gCumannachas.
 
=== I ndiaidh Stailín ===
Fuair Stailín bás ar an 5 Márta 1953. Nuair nach raibh comharba inghlactha ar fáil, chinn ardfheidhmeannaigh an Pháirtí Chumannaigh an tír a rialú in éineacht, ach mar sin féin, bhí siad ag iompairc le chéile go dian faoin gceannasaíocht. Ba é Nikita Khrushchev a ghnóthaigh an báire thart faoi lár na gcaogaidí, agus sa bhliain 1956, thug sé óráid inar cháin sé anlathas Stailín. Mhaolaigh sé ar na diansrianta freisin a bhí curtha ag Stailín le saoirse na sochaí. Sa bhliain chéanna, áfach, chloígh na saighdiúirí Sóivéadacha le lámh láidir iarrachtaí na nUngárach agus na bPolannach tuilleadh daonlathais a bhaint amach.
[[Íomhá:Laika mockup.gif|mion|333x333px|Laika an madra]]
Faoin am seo, bhí an tAontas Sóivéadach ag déanamh an-dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Bhí na Sóivéadaigh ina gceannródaithe spásaireachta, nó ba iad a chuir an chéad satailít dhaondéanta, Sputnik a hAon, ag timpeallú an Domhain, agus ina dhiaidh sin, scaoil siad an chéad neach beo - anbeo—an madra Laika - agusLaika—agus an chéad duine, Yuriy Gagarin, ar an bhfithis timpeall an Domhain. Ní raibh mórán maithe sna leasuithe talmhaíochta agus riaracháin a chuir Khrushchev i gcrích, áfach, agus níor éirigh leis go maith sna polasaithe eachtracha ach an oiread. Cé go raibh rialtas Cumannach curtha ar bun sa tSín, tháinig scoilt idir an tír sin agus an tAontas Sóivéadach, agus maidir leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe, bhí an cogadh fuar ar tí iompú ina chogadh dearg sa bhliain 1962, le linn [[Géarchéim na nDiúracán i gCúba|ghéarchéim na ndiúracán i gCúba]]. Sa bhliain 1964, b'éigean do Khrushchev éirí as agus dul ar pinsean ina ainneoin féin.
[[Íomhá:Joseph Stalin and Nikita Khrushchev, 1936.jpg|clé|mion|333x333px|Khrushchev agus Stalin, 1936]]
Thosaigh tréimhse nua comhcheannasaíochta i ndiaidh scor Khrushchev, ach de réir a chéile, d'éirigh le Leonid Brezhnev, i dtús na seachtóidí, dearscnamh thar na ceannairí eile i saol polaitiúil na Rúise. D'fhéach Brezhnev leis an naimhdeas idir an tAontas Sóivéadach agus an tIarthar a mhaolú trí pholasaí an éideannais (détente), ach san am céanna, bhí sé ag méadú ar na harmálacha agus ar neart míleata an Aontais. Bhí cuma an mhí-ionraicis ar an éideannas, mar sin, agus nuair a d'ionsaigh an tAontas Sóivéadach [[an Afganastáin]] i ndeireadh na bliana 1979, bhí deireadh leis an éideannas, agus an cogadh fuar ag dul i neart arís.
Má tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód de thoradh na díograise réabhlóidí, ní raibh a dhath ar bith den spiorad sin fágtha i mblianta Brezhnev. A mhalairt ar fad, bhí cuma an choimeádachais agus na do-athraitheachta ar an dóigh a rabhthas ag reáchtáil na tíre, rud a d'aithneofá ar chomh sean agus a bhí na ceannairí féin.
 
Fuair Leonid Brezhnev bás sa bhliain 1982. An cupla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialú an Aontais go tiubh sna sálaí ag a chéile. Ceannairí idirlinne ab ea iad nach raibh mórán difríochta idir iad agus Brezhnev. Sa bhliain 1985, áfach, tar éis bhás Chernenko, ba é Mikhail Gorbachev a ghlac an halmadóir. Bhí sé i bhfad ní b'óige ná mar ba ghnách d'Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh a bheith, agus chrom sé ar an eacnamaíocht, an Páirtí agus an polasaí meán cumarsáide a chur i gcrích. Chuala an saol ar fad iomrá ar an bpeireastráice (''perestroika'', "atógáil, athstruchtúrú") agus ar an ngleasnast (''glasnost''', "neamhbhailbhe"), arb iad na focail Rúisise a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. B'é an gleasnast ba mhó a d'athraigh an saol san Aontas, nó bhain sé srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chéad uair riamh sa stair.
 
Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas, de réir mar a cheadaigh Alt a 72 i mBunreacht an Aontais Shóivéadaigh, cé nár ghlac aon duine an fhoráil sin dáiríre roimhe sin. Is iomaí poblacht a chóirigh an chéad toghchán saor leis an bparlaimint náisiúnta a vótáil isteach sa bhliain 1990. Na parlaimintí a toghadh san am sin, thosaigh siad ag achtú dlíthe nach raibh ag teacht le reachtaíocht an Aontais Shóivéadaigh, agus thosaigh "Cogadh na nDlíthe" idir an tAontas agus na poblachtaí seo. Sa bhliain 1989, tháinig Comhdháil nua Ionadaithe an Phobail le chéile i bPoblacht Shóisialach Fheidearálach Shóivéadach na Rúise, an ceann is mó de bhallphoblachtaí an Aontais. Toghadh [[Boris Yeltsin]] ina Chathaoirleach ar an gComhdháil seo. Ar 12 Meitheamh 1990, d'fhógair an Chomhdháil seo forlámhas na Rúise ar thailte na Rúise, agus chrom sí ar dhlíthe a reachtú a bhí ceaptha dlíthe áirithe de chuid an Aontais Shóivéadaigh a chur ar neamhní. Mhair an éiginnteacht dhlíthiúil seo ar feadh na bliana 1991, agus na poblachtaí ag baint amach neamhspleáchais de réir a chéile.