An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 29:
Ar dtús, bhí cuma shiméadrach ar an Meán-domhan, ach ansin, rinne Melkor (Morgotħ), an ''Vala'' a chuaigh chun ceannairce ar Eru Ilúvatar, rinne sé an-scrios ar an ilchríoch, agus chuir sé an tsiméadracht as a riocht. Bhí an ilchríoch roinnte ina dhá fo-ilchríoch, ceann amháin ó thuaidh agus an ceann eile ó dheas, agus slabhraí fada sléibhte thiar agus thoir sa dá fho-ilchríoch. Bhí na sliabhraonta ainmnithe as na dathanna: na Sléibhte Bána (''White Mountains''), na Sléibhte Gorma (''Blue Mountains''), na Sléibhte Liatha (''Grey Mountains''), agus na Sléibhte Dearga (''Red Mountains'').
Diosca mín a bhí in Arda ar dtús. Chruthaigh na ''Valar'' dhá lampa mhóra mhillteanacha le solas a thabhairt: Illuin agus Ormal. Thóg an ''Vala'' Aulë, an saor agus an tógálaí,
=== An Chéad Aois ===
An chuid is mó de na himeachtaí "staire" a luaigh Tolkien leis an gCéad Aois sa Mheán-domhan, is in Beleriand a thit siad amach. Taobh istigh de chríocha Beleriand, bhí ríochtaí folaithe na nEalbh: Doriath, arbh é an Rí Elu Thingol (''Elwë Singollo'') a rialaigh í, agus Gondolin, arbh é Turgon a bhunaigh í. Áit thábhachtach eile ab ea Nargothrond, dún daingnithe arbh é an tEalbh Finrod Felagund a bhunaigh é. Thoir sna Sléibhte Gorma a bhí cónaí ar na hAbhaic, agus iad tar éis dhá chathair mhóra a ghearradh sa chloch, Belegost agus Nogrod. Bhí an abhainn mhór úd Sirion ag rith idir Oirthear agus Iarthar Beleriand. San Oirthear, bhí ríocht Ossiriand in inbhear na habhann úd
=== An Dara agus an Tríú hAois ===
Líne 44:
Taobh thoir de Shléibhte an Cheo, bhí an réigiún mór úd ''Rhovanion'', chomh maith le ''Lothlórien'', tír de chuid na nEalbh, agus Galadriel ina banríon uirthi. Píosa maith ó theas, bhí coill Fangorn, agus an tEinteach—sórt fathach i riocht crainn—Crannfhéasóg (''Treebeard'') ag rialú ansin. Ritheann an abhainn úd Anduin trí Lothlórien, agus taobh thoir de Fangorn. Aniar ón abhainn a bhí an Mhodarchoill. Níos faide soir fós a bhí Erebor, nó an Sliabh Uaigneach, agus an dragan Smóg ag cur faoi ansin. Ansin atá an chathair na tSratha (''Dale'') freisin. Daoine daonna iad muintir na cathrach sin, agus a lán caidrimh acu leis na hAbhaic.
Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na
=== Logainmneacha ===
Líne 54:
* '''Barad-dûr''' nó an ''Túr Dorcha'': an túr agus an daingean ina raibh cónaí ar Sauron i Mordor. I dTeanga Dhubh Sauron féin, is é ''Lugbûrz'' ainm na háite seo.
* '''Belegaer'''
* '''Bá Belfalas'''
* '''Carach Angren''' nó an ''Béal Iarainn'' (Béarla: ''Isenmouthe''): b'é seo an geata idir gleann Udûn agus machaire Gorgoroth i Mordor.
Líne 116:
=== Tús na Laethanta ===
Nuair a chuaigh na h''Ainur'' síos in ''Eä'' le h''Arda'' a fhoirmiú agus a ullmhú le haghaidh Chlann
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Blianta na Lampaí. Ar dtús, bhí Arda mín leibhéalta, agus rinne na ''Valar'' dhá lampa móra le solas a chaitheamh air. B'iad na hainmnacha a thug siad ar na Lampaí ná Illuin agus Ormal. I lár Arda, áit a raibh solas an dá Lampa le feiceáil, a bhí cónaí ar na ''Valar'' in Oileán Almaren. Tugtar '''Earrach Arda''' ar an tréimhse seo fosta: bhí na ''Valar'' díreach tar éis an chuma ab fhearr leo a chur ar Arda, agus Melkor fágtha ar imeall na hollchruinne, taobh amuigh de Bhallaí na hOíche (Béarla: ''the Walls of Night''). San am seo, thosaigh na coillte ag fás, agus na chéad ainmhithe ag teacht chun saoil. Ansin, áfach, d'éirigh le Melkor seangú isteach arís, agus chuir sé deireadh le hEarrach Arda, nuair a scrios sé an dá Lampa.
Líne 165:
=== Na hImeachtaí sa Tríú hAois ===
Tá imeachtaí Thiarna na bhFáinní suite sa Tríú hAois. I ndiaidh do na ''Dúnedain''
== Ciníocha ==
Líne 175:
Is iad na ''Valar'' na h''Ainur'' is airde céim. D'fhéadfá ardaingil a thabhairt orthu. Chruthaigh Eru Ilúvatar iad sular chruthaigh Sé an Ollchruinne (''Eä''), an Grianchóras (''Arda'') agus an Domhan (''Imbar''). Luaigh Tolkien na ''Valar'' seo, ach is dócha nach bhfuil iontu ach na ''Valar'' is mó cumhachta—ríthe agus banríonacha na ''Valar''. Is í an teanga ''Valarin'' a labhraíonn siad. Murab ionann agus na teangacha ''Quenya'' agus ''Sindarin'', ní dhearna Tolkien mórán forbartha riamh ar an teanga seo. Is féidir, áfach, teacht ar bhlúiríní di ina chuid lámhscríbhinní, a foilsíodh i ndiaidh a bháis sa tsraith ''The History of Middle-earth''. Bhí focail na teanga seo ní b'fhaide ná focail na dteangacha ''Sindarin'' agus ''Quenya''. Mar shampla, is é an leagan ''Valarin'' d'ainm Tulkas ná ''Tulukastâz''.
* '''Manwë''', Ard-Rí na ''Valar''. Is é Manwë fear céile Varda agus Rí Arda. Nuair a bhí sé ag cur faoi sa Mheán-domhan, bhí cónaí air thuas i mullach an tsléibhe ab airde sa Mheán-
* '''Ulmo''', ''Vala'' na bhfarraigí.
|