An difríocht idir athruithe ar: "Arsanaic"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 13:
Tá a fhios ag cách, beagnach, gur nimh atá san arsanaic. Dúnmharaíodh a lán daoine mór le rá sa [[An Mheánaois|Mheánaois]] agus i ré an [[Renaissance]] le harsanaic, agus tá cáil ar na cásanna seo. Sna scéalta bleachtaireachta, is minic a bhíonn na dúnmharfóirí ag tabhairt arsanaice dá gcuid íobartach. Baintear úsáid as [[comhdhúil]]e arsanaice le [[feithidí]] is le luibheanna a mharú, freisin. Maidir leis an dúil, tá sí le fáil ina lán [[Allatrópacht|allatróp]], cosúil leis an [[fosfar|bhfosfar]]. Is í an arsanaic liath an ceann is tábhachtaí de na hallatróip, agus í cosúil leis an bhfosfar dubh ina struchtúr [[móilín]]each. Tá an arsanaic bhuí cosúil leis an bhfosfar bán, agus tá allatróp eile fós - an arsanaic dhubh - agus struchtúr an fhosfair dheirg aige.
 
Is é an uimhir ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an arsanaic ina cuid comhdhúl ná +III, ach is féidir le hocsaídeoirí láidire [[comhdhúil]]e a tháirgeadh ina bhfuil an arsanaic ocsaídithe go +V, go háirithe peantocsaíd na harsanaice, As<sub>2</sub>O<sub>5</sub>. Is í an trí-ocsaíd an ocsaíd is tábhachtaí, áfach - As<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Má thuaslagtar an pheantocsaíd san uisce, cruthófar aigéad arsanach, H<sub>3</sub>AsO<sub>5</sub>. Tá sé cosúil leis an [[aigéad fosfarach]] ina struchtúr, ach is aigéad lag é. Ocsaídeoir maith láidir atá ann, áfach, nó is féidir leis an aigéad arsanach an t-ian iaidíde (I<sup>-</subsup>) a ocsaídiú go hiaidín (I<sub>2</sub>).
 
Is féidir leis an arsanaic dul i gcomhdhúil leis an [[hidrigin]] le hairsín, nó tríhidríd arsanaice, a tháirgeadh - AsH<sub>3</sub>. Cosúil le hidríd an fhosfair, is comhdhúil éagobhsaí é an t-airsín agus claonadh láidir imoibriúcháin ann.