An difríocht idir athruithe ar: "Arsanaic"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17:
Is féidir leis an arsanaic dul i gcomhdhúil leis an [[hidrigin]] le hairsín, nó tríhidríd arsanaice, a tháirgeadh - AsH<sub>3</sub>. Cosúil le hidríd an fhosfair, is comhdhúil éagobhsaí é an t-airsín agus claonadh láidir imoibriúcháin ann.
 
Is iad na comhdhúile is tábhachtaí ná an trí-ocsaíd arsanaice As<sub>2</sub>O<sub>3</sub> (an "arsainic bhán"), an tríshuilfíd arsanaice As<sub>2</sub>S<sub>3</sub> ("óirpimint"), a bhfuil dath an óir inti (is é is bunús leis an ainm "óirpimint" ná ''auri pigmentum'', a chiallaíonn "dath an óir" sa Laidin), an teitreashuilfíd teitrea-arsanaice As<sub>4</sub>S<sub>4</sub> ("rialgar"), an ''[[Paris Green]]'' (aicéatarsainít an chopair (II)dhéfhiúsaigh), arsanáit an chailciam, agus hidrigin-arsanáit na luaidhe. Tá úsáid bainte as an trí cinn dheireanacha mar fheithidicídí sa talmhaíocht.
 
Is féidir trí-ocsaíd arsanaice a tháirgeadh tríd an dúil féin a ocsaídiú. Maidir leis an bpeantocsaíd arsanaice, As<sub>2</sub>O<sub>5</sub>, is é an dóigh cheart le hí a chruthú ná díhiodráitiú an aigéid arsanaigh - is é is brí leis an "díhiodráitiú" ná go mbaintear móilíní uisce de na móilíní aigéid arsanaigh, ionas nach bhfágtar ach móilíní peantocsaíde. Is féidir an dá ocsaíd seo a thuaslagadh i dtuaslagán bunata, agus is dual dóibh imoibriú leis an mbun, ionas go gcruthófar ceann den dá ainian - an arsainít (AsO<sub>3</sub><sup>3-</sup>) nó an arsanáit (AsO<sub>4</sub><sup>3-</sup>).