An difríocht idir athruithe ar: "Sex Pistols"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 19:
 
Ba ghnách baill an bhanna casadh le chéile ar bhonn rialta ag dhá shiopa éadaí ar Kings Road, sa cheantar [[Chelsea]] - Acme Attractions, de chuid John Krivine agus Steph Raynor (áit ina raibh Don Letts ag obair ina bhainisteoir) agus Too Fast to Live, Too Young to Die de chuid Malcolm McLaren agus Vivienne Westwood. Osclaíodh siopa McLaren agus Westwood sa bhliain 1971 faoin ainm Let It Rock, le athbheochan Teddy Boys na gcaogaidí mar théama. Athainmníodh an siopa an bhliain dár gcionn chun díriú ar athbheochan de stíl eile - stíl an "rocker" a bhí bainte le Marlon Brando. Mar a thug John Lydon níos déanaí: "Beirt shysters a bhí i Malcolm agus Vivienne. Dhíolfaidís rud ar bith d'aon fhaisean a bhíodar in ann greim a fháil ar". I gceann tamaill, bheadh an siopa mar áit lárnach do slua an phuinc-raic, ag mealladh daoine mór le rá ar nós Sid Vicious, Marco Pirroni, Gene October, agus Mark Stewart.
 
[[Íomhá:Sex Pistols Logo.PNG|clé|mion]]
Go luath sa bhliain 1974, chuir Jones ina luí ar McLaren lámh cúnta a thabhairt don bhanna. Agus é ag teacht isteach mar bhainisteoir beag ná mór orthu, d'íoc McLaren an chéad seomra cleachtaidh a bhí acu. Glacadh Glen Matlock isteach mar dhord-ghiotáraí, mac léinn ealaíona a bhíodh ag obair anois agus arís ag Too Fast to Live, Too Young to Die. I Mí na Samhna, bhog McLaren go Cathair Nua-Eabhrac ar feadh tamall beag. Sular fhág sé an tír, bhí smaoineamh nua eile aige agus ag Westwood don tsiopa.
[[Íomhá:Thesexpistols-logo.svg|mion]]