An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 27:
===Meán-Ghaeilge ===
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na [[An tSean-Ghaeilge|Sean-Ghaeilge]], agus an [[An Mheán-Ghaeilge|Mheán-Ghaeilge]] ag teacht ina háit. [[Teangacha Ceilteacha|Teanga]] cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]] nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus [[Gramadach na Gaeilge|ghramadach]] chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.
Líne 34:
=== Nua-Ghaeilge ===
Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán
Chuir tosach na séú haoise déag agus maidhm [[Cath Chionn tSáile|Chionn tSáile]] deireadh sách giorraisc le saothrú na Nua-Ghaeilge Clasaicí. An cineál Gaeilge a scríobhtaí i mblianta dorcha na b[[na Péindlíthe|Péindlíthe]], má scríobhtaí in aon chor í, ní raibh ann ach meascán den chanúint áitiúil agus cibé blúirín den teanga Chlasaiceach a bhí foghlamtha ag an scríbhneoir, agus an chanúint ag fáil an lámh in uachtar ar an gcaighdeán clasaiceach le himeacht na gcéadta bliain.
Líne 69:
Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas [[Eilís I Shasana|Éilís a hAon]], a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar ''chló'', ar an bhfód roimhe sin.
Nuair a tháinig an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm i ndeireadh na ndaichidí, caitheadh an cló Gaelach i dtraipisí freisin, díomaite den chorrúsáid a bhaintear as mar mhaisiú. Dháiríre, is ar éigean is féidir teacht trasna ar leabhar Gaeilge ina mbeadh an cló Gaelach á úsáid in éineacht leis an litriú nua. Is dócha nach bhfuil ach aon sampla amháin
== Stór focal ==
|