An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"
Content deleted Content added
WhiteGuy1850 (plé | dréachtaí) No edit summary clib: Mobile edit Mobile web edit |
No edit summary |
||
Líne 27:
=== Sean-Bhéarla ===
Glactar leis gurb iad na blianta ó theacht na nAngla-Shacsanach go Sasana go dtí an gabháltas [[Normannaigh|Normannach]] tréimhse an tSean-Bhéarla. Bhí an Sean-Bhéarla ní ba chosúla leis an tSean-Ard-Ghearmáinis nó leis an [[An Íoslainnis|Íoslainnis]] ná le Béarla an lae inniu, agus comhthréithe na d[[Teanga (cumarsáid)|teanga]]<nowiki/>cha [[An Ghearmáinis|Gearmáin]]<nowiki/>ice le haithint air go soiléir. Bhí cúig [[Tuiseal ainmneach|thuiseal]] ann, mar shampla, agus [[uimhir]] dhéach chomh maith leis an uatha agus leis an iolra. Bhí trí inscne ann chomh maith, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, mar atá in Íoslainnis agus i nGearmáinis an lae inniu.
Bhí an [[An Laidin|Laidin]] ag imirt a tionchair ar an teanga ó thús, ar ndóigh. Bhí sí tar éis glacadh le focail iasachta ón Laidin sular bhain lucht a labhartha Sasana amach ar aon nós. Bhí an litriú an-chóngarach don fhuaimniú san am, nó i bhfocail ar nós ''cniht'', arb ionann é agus ''knight'' inniu, chualathas an ''c-'' sa chaint go fóill. Ní raibh aon chaighdeán ann, áfach, agus d'fhéadfaí an focal céanna a litriú ar bhealaí an-éagsúla, ag brath ar chanúint an scríbhneora. Nuair a d'aontaigh an Rí Alfred Sasana sa bhliain [[878]], áfach, b'í [[canúint]] Wessex a rug bua ar na canúintí eile mar theanga liteartha, agus tá an chuid is mó de na téacsanna Sean-Bhéarla scríofa sa chanúint áirithe sin. Canúintí tábhachtacha eile is ea canúint Mercia, canúint [[Northumberland]], agus canúint [[Kent]].
Sa naoú agus sa deichiú haois, tháinig na [[Lochlannaigh]] agus an teanga a bhí acu i ndlúth-theagmháil leis an mBéarla. Bhunaigh na Lochlannaigh stát dá gcuid féin, ''Danelaw'' nó "Dlí na Danmhairge", in Oirthear Shasana agus na hAlban, agus d'fhág a dteanga a lorg ar na canúintí Béarla a labhraítear sa chuid seo den tír, go dtí ár lá féin. Ós rud é go raibh gaol ag an dá
Tagann focail ar nós ''they'', ''them'', ''sky'', agus ''skirt'' as an tSean-Lochlainnis. Is ionann iad ''shirt'' agus ''skirt'', ach amháin gur tháinig ceann acu ón Angla-Shacsainis, agus an ceann eile ó na Lochlannaigh.
Líne 45:
Chuaigh an ghramadach go mór mór chun simplíochta, cé go raibh sí ní ba chasta ná gramadach an Nua-Bhéarla i gcónaí.
[[Íomhá:Page from The Canterbury Tales by Geoffrey Chaucer printed by William Caxton 1477.jpg|mion|Canterbury Tales le [[Geoffrey Chaucer]], foilsithe ag [[William Caxton]] 1477]]
Sa [[14ú haois|cheathrú haois déag]], tháinig borradh mór ar an [[litríocht]] i Meán-Bhéarla. B'ansin a thosaigh sórt caighdeánú freisin, is é sin, Caighdeán na Seansaireachta. Bhí an caighdeánú seo teoranta do na scríbhinní oifigiúla nó poiblí, áfach. Rinneadh forbairt ar leith ar an gcaighdeán nuair a bhí [[Anraí V Shasana|Anraí V]] ag rialú na tíre, is é sin, sna blianta [[1413]]
Tá litríocht réasúnta saibhir fágtha againn i Meán-Bhéarla, go háirithe laoithe eipiciúla ar nós ''Canterbury Tales'' le [[Geoffrey Chaucer]] nó ''La Morte D'Arthur'' le Thomas Malory.
Líne 56:
Áirítear gurbh iad [[An Bíobla|Bíobla]] an Rí Séamas agus saothair [[William Shakespeare]] a chuir tús leis an litríocht Nua-Bhéarla, i dtús na [[16ú haois|séú haoise déag]]. Mar sin féin, d'athraigh an teanga go mór idir an Nua-Bhéarla Moch seo agus an cineál Nua-Bhéarla a labhraítear inniu. Mar shampla, chuaigh an sean-fhorainm ''thou'' agus foirmeacha an bhriathair a bhí ag dul leis - an iarmhír ''-st'', cosúil le ''thou sayest'' - in éag go hiomlán sa ghnáthchaint agus sa chuid is mó de na stíleanna scríofa.
[[Íomhá:Map of English native speakers.png|mion|333x333px|Cainteoiri dúchais]]
Nuair a choilínigh na Sasanaigh Meiriceá Thuaidh, an India, [[An Astráil|an Astráil,]] [[an Nua-Shéalainn]], cuid mhór den [[An Afraic|Afraic]] agus na críocha eile a bhí á rialú acu ar fud na mblianta, bhí an Nua-Bhéarla ann cheana féin mar theanga. Na canúintí nua a tháinig ar an bhfód sna coilíneachtaí éagsúla, tá siad go léir bunaithe ar an Nua-Bhéarla, agus iad intuigthe ag cainteoirí a chéile. In Éirinn, áfach, thosaigh an coilíniú ní ba mhoiche, agus mar sin, tháinig canúint amháin ar an bhfód a bhí bunaithe ar an Meán-Bhéarla, seachas an Nua-
Agus an méid sin ráite, is follasach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na cineálacha éagsúla Béarla a labhraítear ar fud an domhain. Nuair a casadh pobail agus teangacha bundúchasacha ar na Béarlóirí sna coilíneachtaí, ba mhinic a ghlac siad le focail agus le nósanna nua ó na daoine seo. Mar sin, tá Béarla [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stát Aontaithe]] cuíosach saibhir i bhfocail iasachta a tháinig ó theangacha na Meiriceánach dúchasach, ón bhFraincis agus ón [[An Spáinnis|Spáinnis]]. Bhí an Fhraincis beo ar feadh i bhfad i [[Louisiana]] agus in áiteanna eile sna críocha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe inniu, agus í á labhairt mar phríomhtheanga i gcuid mhór de [[Ceanada|Cheanada]] inniu féin. An Spáinnis, arís, tá sí ó dhúchas ag an gcuid is mó de lucht inimirce sna Stáit Aontaithe inniu, agus í beo i mbéal chuid mhaith seansaoránach Meiriceánach freisin i stáit dheisceartacha, cosúil le Nua-Mheicsiceo agus Texas. San Afraic Theas, arís, is í an
Tá an Nua-Bhéarla iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó theangacha eile. Nuair a d'imigh an chuid is mó de ghramadach chasta an tSean-Bhéarla, d'éirigh sé iontach furasta gramadach na teanga a chur i bhfeidhm ar fhocail nua.
Líne 66:
== Teangacha Gaolmhara ==
[[Íomhá:Ulster Scots sham thistle icon.png|mion|Ultais]]
Cé go bhfuil an Béarla breac le focail iasachta ón bhFraincis, ón Laidin agus ó theangacha eile, ní féidir a shéanadh go mbaineann sé leis an mbrainse Gearmáinice den fhine Ind-Eorpach, agus gaol aige leis an nGearmáinis, an Ollainnis, an Íoslainnis agus na teangacha Lochlannacha eile. Is í an
== An Béarla mar Theanga Dhomhanda ==
Is deacair a rá, an féidir dearcadh ar an mBéarla mar theanga náisiúnta na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] a thuilleadh, ós rud é go bhfuil sé sealbhaithe ag uasal agus íseal fud fad an domhain mhóir. Tá sé sábháilte a rá go bhfuil níos mó cainteoirí líofa neamhdhúchais ná cainteoirí dúchais ann, agus deir cuid de na [[Teangeolaíocht|teangeolaithe]] nach bhfuil sé faoi na cainteoirí dúchais a thuilleadh, cad é atá i ndán don Bhéarla agus cén cineál athruithe a thiocfaidh air feasta. Maidir leis na cainteoirí dúchais, is Meiriceánaigh iad a bhformhór
[[Íomhá:World map percentage english speakers by country.png|mion|333x333px|Béarlóirí agus % aonteangaigh ]]
Is dócha gurb iad na longa a rinne a leithéid de mhórtheanga den Bhéarla, níos mó fós ná an impireacht a choilínigh na Sasanaigh. Nuair a fuair Sasana an lámh in uachtar ar bhealaí farraige an domhain, b'í teanga na Sasanach a chuaigh i ngnáthúsáid ar fud na seacht n-aigéan. Bhí an Béarla chun tosaigh ar na teangacha eile i measc lucht na farraige i bhfad sular bhain sé amach an forlámhas atá aige inniu i gcúrsaí léinn agus eolaíochta, sna meáin chumarsáide agus araile.
Line 80 ⟶ 81:
== Foclóir ==
[[Íomhá:Oxford Advanced Learner's Dictionary of Current English.jpg|mion|Foclóirí]]
Tháinig an chuid is mó de bhunfhoclóir an Bhéarla as an nGearmáinic, is é sin, as an Sean-Bhéarla agus as an tSean-Lochlainnis. Mar sin féin, chuaigh an tsraith is sine de na hiasachtaí Fraincise greamaithe go han-domhain sa teanga, agus cupla ceann acu le haithint sa bhunfhoclóir féin. As an tsean-Fhraincis a tháinig ''second'' "dara" (cf. ''andere'' na Gearmáinise, ''annar'' na hÍoslainnise agus ''annan'' na [[An tSualainnis|Sualainnise]]
Níl sé furasta an tsraith ba sine d'iasachtaí Laidine a aithint thar an gcuid dhúchasach den fhoclóir. Bíonn na focail Fhraincise agus na cinn a tugadh isteach ón [[An Laidin|Laidin]] ó bhlianta an [[An Renaissance|Renaissance]] anuas i bhfad níos so-aitheanta mar fhocail iasachta, ós rud é go mbíonn siad níos faide ná na focail Ghearmáinice, agus blas níos léannta orthu. Is minic a chuireann siad ar chumas an scríbhneora a rogha a bhaint as dhá nó trí cinn de chomhchiallaigh le go rachadh an stíl i gcion ar an léitheoir ar dhóigh ar leith. Mar shampla, níl mórán difríochta idir ''to put out a fire'' agus ''to extinguish a fire'' ó thaobh na céille de - "dóiteán a mhúchadh" is brí leis an dá chuid - ach ní hionann iad ó thaobh na stíle de.
Line 92 ⟶ 93:
B'iad na focail mhóra léannta as an [[An Laidin|Laidin]] agus as an t[[An tSean-Ghréigis|Sean-Ghréigis]], na "focail chrua" nó ''hard words'' mar a thugtar orthu ó am go ham, a spreag Orwell chun an méid sin thuas a bhreacadh síos. Ach, le fírinne, tá Béarla an lae inniu iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó gach taobh, go háirithe ós rud é gur tíortha móra inimirce iad na tíortha is mó Béarla, agus na dreamanna eitneacha éagsúla ag tabhairt a gcuid nósanna, cócaireachta agus foclóra leo féin. Cé go gcromann siad go sciobtha ar an mBéarla mar theanga chomhchaidrimh eatarthu féin, bíonn siad ag baint úsáide as a gcuid focal féin le tagairt a dhéanamh dá nósanna sainiúla nár thréig siad go fóill. Uaireanta, glacann an saol mór le nósanna ó na dreamanna eitneacha seo - go háirithe más bia atá i gceist - agus téann an focal féin in úsáid i ngnáthchaint an Bhéarla sa tír sin. Mar sin, fágann na nósanna nua lorg áirithe ar an gcaint sna tíortha éagsúla, rud a chuireann le difríochtaí na leaganacha áitiúla den Bhéarla.
[[Íomhá:South Africa 2011 English speakers density map.svg|mion|Béarlóirí san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]]]]
Sa chuid is mó de na tíortha Béarla, is é an Béarla an t-aon teanga oifigiúil amháin, agus é go líofa, nó fiú ó dhúchas, ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre. San [[An Afraic Theas|Afraic Theas,]] áfach, tá na teangacha Bantúcha (an teanga [[Xhosa]], an t[[An tSúlúis|Súlúis]], an teanga Sotho, an teanga Tswana, agus an teanga Venda) le cloisteáil sa tsráid chomh minic leis an mBéarla féin, agus níos mó cainteoirí áitiúla dúchais ag an [[An Afracáinis|Afracáinis]]
Sa Nua-Shéalainn, arís, tá tábhacht nach beag leis an teanga [[Maori]], arb í teanga na mbundúchasach í, cé go bhfuil na Maori féin go mór mór faoi chois sa tsochaí i gcónaí. Úsáidtear focail as an teanga seo sa Bhéarla áitiúil cosúil leis an dóigh a mbíonn Éireannaigh ag tarraingt chucu focail Ghaeilge, fiú mura bhfuil an Ghaeilge féin acu.
|