An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 66:
== Teangacha Gaolmhara ==
[[Íomhá:Ulster Scots sham thistle icon.png|mion|Ultais]]
Cé go bhfuil an Béarla breac le focail iasachta ón bhFraincis, ón Laidin agus ó theangacha eile, ní féidir a shéanadh go mbaineann sé leis an mbrainse Gearmáinice den fhine Ind-Eorpach, agus gaol aige leis an nGearmáinis, an Ollainnis, an Íoslainnis agus na teangacha Lochlannacha eile. Is í an Fhraoslainnis—teanga mhionlaigh a labhraítear i dTuaisceart na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]] agus in Iar-Thuaisceart na Gearmáine—an teanga is dlúithe gaoil don Bhéarla, go stairiúil ar a laghad. Ar ndóigh, is follasach go bhfuil an [[An Albainis|Albainis]] - nó an [[Lallainnis]] - is—is é sin, an teanga nó na canúintí a labhraítear in Albain agus in áiteanna i dTuaisceart Éireann níos cosúla leis an mBéarla fós, ach is ceist chonspóideach é, cé acu teanga neamhspleách nó canúint de chuid an Bhéarla atá ann. Tá traidisiún litríochta agus [[Scríbhneoir|scríbhneoireacht]]<nowiki/>a ag an Albainis atá scartha ón mBéarla, ach leis na céadta bliain anuas, tá sé ag dul i léig, agus an [[litríocht]] a scríobhtar sa teanga inniu, bíonn sí níos cosúla le [[filíocht]] chanúnach ná le scríbhneoireacht nua-aoiseach.
 
 
== An Béarla mar Theanga Dhomhanda ==
Line 83 ⟶ 82:
Tháinig an chuid is mó de bhunfhoclóir an Bhéarla as an nGearmáinic, is é sin, as an Sean-Bhéarla agus as an tSean-Lochlainnis. Mar sin féin, chuaigh an tsraith is sine de na hiasachtaí Fraincise greamaithe go han-domhain sa teanga, agus cupla ceann acu le haithint sa bhunfhoclóir féin. As an tsean-Fhraincis a tháinig ''second'' "dara" (cf. ''andere'' na Gearmáinise, ''annar'' na hÍoslainnise agus ''annan'' na [[An tSualainnis|Sualainnise]]—tá na focail seo gaolmhar le ''other'' an Bhéarla) agus ''very'' "an-, iontach, creathnach" (cf. ''sehr'' na Gearmáinise, ''mycket'' na Sualainnise, agus ''mjög'' na hÍoslainnise).
 
Níl sé furasta an tsraith ba sine d'iasachtaí Laidine a aithint thar an gcuid dhúchasach den fhoclóir. Bíonn na focail Fhraincise agus na cinn a tugadh isteach ón [[An Laidin|Laidin]] ó bhlianta an [[An Renaissance|Renaissance]] anuas i bhfad níos so-aitheanta mar fhocail iasachta, ós rud é go mbíonn siad níos faide ná na focail Ghearmáinice, agus blas níos léannta orthu. Is minic a chuireann siad ar chumas an scríbhneora a rogha a bhaint as dhá nó trí cinn de chomhchiallaigh le go rachadh an stíl i gcion ar an léitheoir ar dhóigh ar leith. Mar shampla, níl mórán difríochta idir ''to put out a fire'' agus ''to extinguish a fire'' ó thaobh na céille de - de—"dóiteán a mhúchadh" is brí leis an dá chuid - achchuid—ach ní hionann iad ó thaobh na stíle de.
 
Mar sin, tá an Béarla iontach saibhir ó thaobh an fhoclóra de. San am céanna, áfach, is follasach gur féidir mí-úsáid a bhaint as an saibhreas seo freisin. Bhí [[George Orwell]], thar aon duine, drochamhrasach i leith fhoclóir na polaitíochta agus an úsáid a bhaintí as na focail léannta i mBéarla na b[[Polaitíocht|polaiteoir]]í: ní raibh mothúcháin ag dul leis na focail mhóra, agus mar sin, bhí sé ní b'fhusa éagóir nó uafás a choinneáil ceilte ar an saol mór, má cuireadh in iúl é i bhfocail léannta a shleamhnódh thart gan aisfhreagra ceart a bhaint as aon duine. Seo mar a chuir sé a dhrochamhras féin i bhfocail san aiste ''Politics and the English Language'':
Line 91 ⟶ 90:
''While freely conceding that the Soviet regime exhibits certain features which the humanitarian may be inclined to deplore, we must, I think, agree that a certain curtailment of the right to political opposition is an unavoidable concomitant of transitional periods, and that the rigours which the Russian people have been called upon to undergo have been amply justified in the sphere of concrete achievement.''"
 
B'iad na focail mhóra léannta as an [[An Laidin|Laidin]] agus as an t[[An tSean-Ghréigis|Sean-Ghréigis]], na "focail chrua" nó ''hard words'' mar a thugtar orthu ó am go ham, a spreag Orwell chun an méid sin thuas a bhreacadh síos. Ach, le fírinne, tá Béarla an lae inniu iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó gach taobh, go háirithe ós rud é gur tíortha móra inimirce iad na tíortha is mó Béarla, agus na dreamanna eitneacha éagsúla ag tabhairt a gcuid nósanna, cócaireachta agus foclóra leo féin. Cé go gcromann siad go sciobtha ar an mBéarla mar theanga chomhchaidrimh eatarthu féin, bíonn siad ag baint úsáide as a gcuid focal féin le tagairt a dhéanamh dá nósanna sainiúla nár thréig siad go fóill. Uaireanta, glacann an saol mór le nósanna ó na dreamanna eitneacha seo - goseo—go háirithe más bia atá i gceist - agusgceist—agus téann an focal féin in úsáid i ngnáthchaint an Bhéarla sa tír sin. Mar sin, fágann na nósanna nua lorg áirithe ar an gcaint sna tíortha éagsúla, rud a chuireann le difríochtaí na leaganacha áitiúla den Bhéarla.
[[Íomhá:South Africa 2011 English speakers density map.svg|mion|Béarlóirí san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]]]]
Sa chuid is mó de na tíortha Béarla, is é an Béarla an t-aon teanga oifigiúil amháin, agus é go líofa, nó fiú ó dhúchas, ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre. San [[An Afraic Theas|Afraic Theas,]] áfach, tá na teangacha Bantúcha (an teanga [[Xhosa]], an t[[An tSúlúis|Súlúis]], an teanga Sotho, an teanga Tswana, agus an teanga Venda) le cloisteáil sa tsráid chomh minic leis an mBéarla féin, agus níos mó cainteoirí áitiúla dúchais ag an [[An Afracáinis|Afracáinis]]—an leagan den Ollainnis a d'fhorbair i nDeisceart na hAfraice go dtí gur iompaigh sé ina theanga neamhspleách—ná ag an mBéarla féin. D'fhág an Afracáinis an-lorg ar fhoclóir an Bhéarla san Afraic Theas, agus is ar éigean is féidir na cúrsaí áitiúla a phlé as Béarla gan dul i muinín cuid mhaith focal Afracáinise.