An difríocht idir athruithe ar: "Úráiniam"

Content deleted Content added
Séimhiú (réad coincréiteach i ndiaidh "ar")
Ag baint Atomic_cloud_over_Hiroshima.jpg amach, agus ag chur Atomic_cloud_over_Hiroshima_-_NARA_542192_-_Edit.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios [[
Líne 13:
Is é úráiniam a 235 an ceann is féidir a úsáid sna buamaí adamhacha agus sna himoibritheoirí núicléacha, nó is iseatóp ineamhnaithe é - go praiticiúil, is é an t-aon núiclíd ineamhnaithe a bhfuil teacht uirthi sa dúlra. Maidir leis an gcineál meath radaighníomhach a thagann ar an úráiniam, is é an t-alfa-mheath é, de ghnáth, agus is rud tipiciúil é ag núiclídí troma cosúil le hiseatóip an úráiniam.
 
[[Íomhá:Atomic cloud over Hiroshima - NARA 542192 - Edit.jpg|thumb|left|Pléasc an bhuama adamhaigh in [[Hiroshima]]]]
 
Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K<sub>2</sub>UO<sub>2</sub>(SO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> in ann "smúit" a fhágáil ar phláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.