An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"

Content deleted Content added
Líne 39:
 
Mar sin, thug siad faomhadh oifigiúil don réabhlóid. Ina dhiaidh sin féin, bhí freasúra ann nár ghlac leis an aistriú cumhachta seo. Bhí lár agus eite dheas na Réabhlóidithe Sóisialacha suite siúráilte go raibh na Boilséivigh i ndiaidh an chumhacht a shealbhú go mídhlíthiúil, agus thréig siad an chomhdháil sular glacadh leis an acht. Nuair a bhí siad ag dul amach, scairt Trotscaí ina ndiaidh: "Níl ionaibh ach aonaráin thruamhéileacha. Tá bhur mbanc briste agus bhur bport seinnte. Téigí go dtí an áit is dual daoibh anois - carn aoiligh na staire!"
 
[[Íomhá:Bolshevikki juliste-Itä-Karjala.jpg|clé|mion|368x368px|Eagla thar lear]]
Ar an lá arna mhárach, cheap an Chomhdháil ''Sovnarkom'', nó Comhairle na gCoimiseár Pobail. B'é sin dúshraith an rialtais nua Shóivéadaigh. Thairis sin, reachtaíodh an tAcht Talún. Thug an t-acht seo faomhadh don dóigh ar shealbhaigh scológa tailte príobháideacha ar fud na Rúise le hiad a athroinnt eatarthu féin, le linn na réabhlóide. Bhí na Boilséivigh ag iarraidh an chuma a chur orthu féin go raibh siad ag seasamh do chomhghuaillíocht an lucht oibre agus na scológ, rud is bunús le siombaileachas an tsuaitheantais a roghnaíodh don Aontas Shóivéadach, mar atá, an t-ord agus an corrán.