An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 50:
 
Tháinig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh—an Chéad Chogadh Domhanda—ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin—sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd ''Совет/Sovet'' ná "comhairle").
 
[[Íomhá:Bolshevikki juliste-Itä-Karjala.jpg|clé|mion|461x461px]]
Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an [[Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha|Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh]] ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil.