An difríocht idir athruithe ar: "Live Aid"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Ba cheolchoirm [[rac-cheol|raic]] é '''''Live Aid''''' ar an [[13 Iúil]] [[1985]]. I ndiaidh ''Band Aid'', chuir Geldof agus a chomhghleacaithe dhá cheolchoirm ar siúl faoin ainm Live Aid i [[Londain]] agus in [[Philadelphia, Pennsylvania|Philadelphia]] ar an [[13 Iúil]] den bhliain [[1985]]. Bhí ceolchoirm amháin ar siúl i Staid Wembley, [[Londain]], áit a raibh 72,000 duine agus ceann eile i Staid JFK i [[Philadelphia]], áit a raibh timpeall 90,000 duine.
[[Íomhá:Live Aid at JFK Stadium, Philadelphia, PA (cropped1).jpg|clé|mion|Philadelphia, PA]]
D'fhéach billiún go leith duine ar fud an domhain ar na ceolchoirmeacha, a lean ar aghaidh le 16 uair ar an [[teilifís]], i gcéad tír. Bhí níos mó ná 60 de na réaltaí ba mhó sa rac-cheol páirteach san ócáid. Bhí Geldof agus a chomhghleacaithe ag iarraidh an roc-ceolchoirm is mó a chonaic an saol riamh a eagrú. Bhí na ceoltóirí is fearr sa domhan ag seinm ann<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.nicurriculum.org.uk/docs/inclusion_and_sen/beatha_le_bua/series_1/Bob_Geldof.pdf|teideal=Beatha le Bua|údar=nicurriculum.org.uk|dáta=|dátarochtana=13/7/2018}}</ref>.
[[Íomhá:Live Aid after dark at JFK Stadium, Philadelphia, PA (cropped1).jpg|clé|mion|Philadelphia, PA]]
Bhí an ócáid eagraithe le haghaidh airgid a bhailiú chun cabhrú leis an ngorta san [[An Aetóip|Aetóip]]. Bailíodh níos mó ná £100 milliún le maolú ar an ngorta san [[An Afraic|Afraic]], is cosúil.
 
== Tionchar ==
I ndiaidh Live Aid bhí clú ar Bob Geldof ar fud an domhain. Lean Geldof ar aghaidh lena chuid oibre ar son na hAfraice, agus é ag tacú le hIubhaile na bliana [[2000]], feachtas chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal. Thug Éireannach cáiliúil eile, [[Bono]], tacaíocht don fheachtas céanna.
 
Thaistil Gelfod chuig cuid mhór áiteanna ag tógáil airgid ar son na hAfraice. Chuaigh sé a throid leis an phríomh-aire [[Margaret Thatcher]]. Bhí sise ag iarraidh cáin a ghearradh ar an airgead a bhí á thabhairt don Afraic, ach thug Geldof uirthi athchomhairle a dhéanamh. An bhliain i ndiaidh Live Aid, rinne an [[Eilís II na Ríochta Aontaithe|Bhanríon]] i Sasana [[ridire]] onórach de (ch ar an ábhar gur rugadh Geldof in Éirinn, ní féidir leis an teideal ‘Sir’ a chur roimh a ainm).
[[Íomhá:Bob Geldof Rock am Ring 1987.jpg|clé|mion|Sir Bob Geldof, 1987]]
Tháinig deireadh leis an ngrúpa na [[The Boomtown Rats|Boomtown Rats]] ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, ''Is That It?'', go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-the-boomtown-rats-cuigear-buachailli-dana.aspx|teideal=The Boomtown Rats – cúigear buachaillí dána|údar=Beo.ie|dáta=Nollaig 2006|dátarochtana=}}</ref>. I m[[Baile Átha Cliath]] a sheinneadar a ngig deireanach, san [[Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath|RDS]] ag ''Self Aid'', ceolchoirm a eagraíodh le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
 
== Tagairtí ==