An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil na Banríona, Béal Feirste"

ollscoil phoiblí i mBéal Feirste
Content deleted Content added
(No difference)

Leagan ó 21:29, 15 Aibreán 2005

Ollscoil i mBéal Feirste, Éire, is ea Ollscoil na Banríona.

Bunaíodh Coláistí na Banríona in 1845 i nGaillimh, i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Nascadh na coláistí seo le chéile sa bhliain 1850 faoin ainm Queen's University of Ireland. Bunaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann in 1851 tar éis don Phápa coláistí na Banríona a cháineadh in 1847. Tháinig deireadh le freasúra na gCaitliceach in éadan na hOllscoile nuair a rinneadh Ollscoil Ríoga de in 1879. D'athraigh an Ollscoil Chaitliceach a ainm go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Atheagraíodh na hollscoileanna le acht na bliana 1908. Cuireadh na coláistí ríoga i gCorcaigh agus i nGaillimh agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in Ollscoil na hÉireann (The National University of Ireland), agus fágadh an coláiste a bhí i mBéal Feirste leis féin mar Ollscoil na Banríona (Queen's University). Aithníodh institiúidí eile mar choláistí aitheanta de chuid Ollscoile na hÉireann de réir a chéile, an ollscoil phápúil i Má Nuad agus na coláistí oiliúna do mhúinteoirí go háirithe.