An difríocht idir athruithe ar: "Nioclás II na Rúise"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 32:
 
Bhí an Banimpire Alexandra ag éirí éadóchasach faoi Alexei. An manach rúndiamhrach a bhí ina cheanán ag an teaghlach Impiriúil, [[Grigori Rasputin]], thug sé le fios go raibh sé in ann maolú ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur tháinig an chabhair seo go díreach ó Dhia agus gur fear naofa a bhí i Rasputin. Mar sin, d'éirigh le Rasputin an-údarás a fháil i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairlí polaitiúla. Níor thaitin seo le cách san Impireacht, agus bhí scéalta náiriúila faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing míchlú ar an lánúin Impiriúil.
[[Íomhá:Nikolaus II. (Russland).jpg|clé|mion|1917 mar phriosúnaí]]
 
== Réabhlóid ==
 
Bhris an [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Cogadh Domhanda]] amach sa bhliain [[1914]], agus chuaigh Nioclás chun troda sa [[1915|chéad bhliain eile]]. Sa bhaile, áfach, thosaigh an chosmhuintir ag dul chun míshuaimhnis, agus an dóigh a ndeachaigh an [[geilleagar]] i laige, gan aon trácht ar an mbia a bheith ag rith gann.

Briseadh an cath ar an arm i Mí an Mheithimh sa bhliain [[1916]], agus bhí tionchar dona ag an nuacht seo ar chúrsaí polaitíochta na tíre freisin.

Ar feadh tamaill, b'í an Banimpire Alexandra a bhí i gceannas ar an tír, agus [[Grigoriy Rasputin|Rasputin]] ag tabhairt comhairle di. Chuaigh údarás Rasputin go mór mór isteach ar chuid mhór de na Rúisigh, agus sa deireadh thiar thall, dúnmharaíodh é.

Bhí [[Cathair Pheadair]] lán lucht oibre agus saighdiúirí[[saighdiúir]]í a chuaigh ar stailc, agus sa deireadh, bhris [[Réabhlóid na Feabhra]] amach sa bhliain [[1917]]. Bhí ar Nioclás an choróin a thabhairt suas.

Leis an eachtra seo a cuireadh deireadh leis an rialtas Impiriúil sa Rúis, a bhí á rialú ag rítheaghlach Romanov le trí chéad bliain anuas.
[[Íomhá:Family Nicholas II of Russia ca. 1914.jpg|mion|an [[teaghlach]] sa bhliain 1914]]
 
== Bás ==
 
Chuir an [[Rialtas]] Sealadach nua Nioclás agus a chlann i bPalás Alastair in aice le [[Cathair Pheadair]]. I mí Lúnasa 1917, cuireadh go dtí an t[[An tSibéir|Sibéir]] iad, mar cheap [[Alexander Kerensky]], Príomh-Aire an Rialtais Shealadaigh, go mbeidís ní ba sábháilte ansin. B'ansin a bhí siad ag fanacht le linn [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]] freisin.
 
Tar éis bhua [[Vlaidímír Leinín|Léinín]], tugadh go dtí [[Yekaterinburg]] iad, áit ina raibh an tArm Dearg agus na Boilséivigh láidir. San oíche 17 Iúil 1918, maraíodh an [[teaghlach]] ar fad, an Sár, a bhean agus a gcúigear clainne.
 
==Tagairtí==
{{refllistReflist}}
 
{{Ceannairí na Rúise}}