An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"

Content deleted Content added
Líne 82:
Sa bhliain 1826, bhunaigh na Cúigí Aontaithe coilíneacht agus áitreabh pionóis sna hoileáin, ach nuair a ghabh Gobharnóir na n-oileán, Luis Vernet, seilbh ar bháid de chuid sealgairí róin ó na [[SAM|Stáit Aontaithe]], scrios longa cogaidh Meiriceánacha an t-áitreabh. Ina dhiaidh sin, fágadh na hoileáin faoi na príosúnaigh a d'éalaigh as an áitreabh pionóis, chomh maith le cibé foghlaí mara a rachadh ar lorg tearmainn ansin. Sa bhliain 1832, chuir na Cúigí Aontaithe gobharnóir nua go dtí na hoileáin, ach d'éirigh muintir na háite amach ina aghaidh agus maraíodh sa teagmháil é.
 
=== Gabháltas na SasanachBriotanach ar na hOileáin ===
 
I Mí Eanáir 1833, d'fhill fórsaí [[Arm na Breataine|armtha na Breataine Móire]] go dtí na hoileáin, agus chuir siad in iúl do cheannasaí na nAirgintíneach go raibh siad le forlámhas na Breataine Móire a chur i bhfeidhm orthu. Na daoine a raibh cónaí orthu sna hoileáin cheana féin, ceadaíodh dóibh fanacht ansin, agus gaireadh gobharnóir nua de William Dickson, Éireannach a shocraigh síos sna hoileáin nuair a bhí Vernet i gceannas orthu.
Líne 90:
Ní ba déanaí sa bhliain chéanna, d'fhill fear ionaid Vernet, Matthew Brisbane, go dtí na hoileáin, agus fuair sé le cloisteáil go raibh na Briotanaigh sásta cead a ngnóthaí a fhágáil ag Vernet i bhFáclainn, a fhad is nach bhféachfadh sé le forlámhas na Breataine Móire sna hoileáin a shárú.
 
=== Bunáit Mhíleata na SasanachBriotanach ===
[[Íomhá:Battle of the Falkland Islands 1914.jpg|clé|mion|1914]]
Thóg Cabhlach Ríoga na Breataine Móire bunáit i Stanley, agus tiontaíodh na hoileáin ina n-áit straitéiseach don loingseoireacht timpeall Cabo de Hornos. I Mí na Nollag 1914, chuir Cabhlach Ríoga na Breataine Móire agus Cabhlach Impiriúil na Gearmáine cath ar a chéile in aice le hOileáin Fháclainne, agus b'ar na Gearmánaigh a briseadh an cath seo sa deireadh.