An difríocht idir athruithe ar: "Cosmeolaíocht"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Constellation_Fornax,_EXtreme_Deep_Field.jpg|deas|250px|thumb|Cosmeolaíocht]]
[[Eolaíocht]] is ea an '''Chosmeolaíocht''' a chuimsíonn a bhfuil ar eolas faoi bhunús isagus éabhlóid na [[An Chruinne|Cruinne]]. Chruthaigh an [[réalteolaí]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] [[Edwin Hubble]] i [[1929]] go bhfuil an Chruinne ag forleathnú isagus ag fairsingiú, agus na réaltraí go léir ag druidim amach óna chéile. Samhlaítear gur thosaigh an fairsingiú ó phoncstaid fhíordhlúth de dhamhna uile na Cruinne leis an [[Ollphléasc]], agus ríomhtar 10,000-20,000 milliún bliain mar [[aois na Cruinne]].

Ó [[1990]] tá staidéar á dhéanamh le [[spásteileascóp Hubble]] ag réalteolaithe san [[An Astráil|Astráil]] is [[California]] ar ollnóvaí geala de chineál ar leith ag faid éagsúla uainn, agus mar sin d'aoiseanna éagsúla ó thús ama. Thomhais siad luas a gcúlaithe trí bhíthin an deargaistrithe. Cé go raibh siad ag súil le luasmhoilliú ar an bhfairsingiú, de bharr [[imtharraingt]] na reann isagus an ábhair amuigh sa spás mar shampla, faoi 1998 chinntigh siad nárbh é sin a bhí á fhionnadh acu ar chor ar bith ach a mhalairt. Chinntigh siad go bhfuil fairsingiú na Cruinne ag tapú an t-am ar fad. Rinneadh tomhais nua ar an gcnapánacht sa [[radaíocht chúlrach mhicreathonnach]], le brathadóirí a ardaíodh os cionn an Antartaigh le balúin. Is comhartha a d'éirigh as an Ollphléasc féin an [[radaíocht]] seo, agus braitheann a hairíonna ar an luath-Chruinne.

Roimhe sin bhí siad cinnte go leor nár sholáthair adaimh na Cruinne inbhraite ach 5% ar éigin den mhais ba ghá a bheith sa Chruinne chun go moilleodh is go stopfadh imtharraingt ábhar na Cruinne an fairsingiú. Sholáthair cnapánacht na radaíochta fianaise go bhfuil suas le 65% de mhais na Cruinne ag teacht ina cháithníní rúnda atá mar [[Damhna dorcha|dhamhna dorcha]], agus go bhfuil sé sin ag feidhmiú mar a bheadh frithimtharraingt, ag cinntiú go leanfaidh isagus go luasghéaróidh an fairsingiú go deo. Thar am, mar sin, thimpealltimpeall 10,000 milliún bliain, imeoidh na réaltraí go léir as radharc. [[Abhacréalta]] bán gan teas gan [[solas]] a bheidh sa Ghrian, agus pé rian den [[An Domhan|Domhan]] a bheidh fágtha, beidh sé greamaithe i gCruinne ollmhór fhuar dhorcha uaigneach.
 
{{Fréamh an Eolais}}