An difríocht idir athruithe ar: "Io (gealach)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 6:
== Fionnachtain agus Breathnú Io ==
 
Creidtear gurbh é Galileo Galilei ba túiscethúisce a d'aithin Io, ar an 7 Eanáir 1610. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, áfach, d'fhógair an réalteolaí Gearmánach [[Simon Marius]] ina leabhar ''Mundus Jovialis'' ("Domhan Iúpatair") gurbh eisean a tháinig trasna ar Io agus [[Gealacha Galileo|gealacha Galilei]] ar fad sa bhliain 1609, seachtain amháin roimh an bhfionnachtain a rinne Galileo. Níor thug Galileo aon chreidiúint don ráiteas seo, agus d'aontaigh réalteolaithe an domhain leis. An t-ainm a bhaist Marius ar an ngealach seo, níor éirigh sé coitianta sa ghnáthúsáid roimh an bhfichiú haois. Go nuige sin, ba rogha leis na saineolaithe '''Iúpatar a hAon''' a thabhairt ar Io.
 
I lár na fichiú haoise, rinneadh breathnuithe ar Io a bhí ag tabhairt le fios go raibh réigiúin pholacha na gealaí dearg. Nuair a chuaigh an taiscéalaí spáis úd [[Pioneer 11|Pioneer a hAon Déag]] thart le hIo, dearbhaíodh go raibh dath dearg nó flannbhuí sa réigiún polach, i gcomparáid leis an réigiún meánchiorclach, a bhí níos gaire don bhán. Is beag eile a fuair Pioneer amach faoi Io, áfach.
Líne 15:
 
{{Síol-réalteolaíoch}}
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
[[Catagóir:Gealacha Iúpatair]]