An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 4:
[[Íomhá:14 2 List of Radzivill Chron.jpg|mion|Leagan de ''Povest' Vremennykh Let'']]
Is é an scéal is
Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar [[Croinic Neastóir]] go minic, siúd is gurb é ''Povest' Vremennykh Let'' an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach raibh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne éigean ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dóibh: "Tá an tír seo againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Tagaigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóigh, bhí na hUigingigh chomh cairdiúil carthannach is gur tháinig siad ag rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go ndeachaigh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.
Líne 42:
== Clann Vladimir ==
Sa bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní raibh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Svyatopolk, an mac ba sine acu, ba
Ghlac na géillsinigh col le Svyatopolk mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Yaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoris agus i nGleb, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díobh ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Svyatopolk - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a shamhlófá le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Yaroslav isteach ó Novgorod le Cív a ghabháil agus le SvYatopolk a mharú, sa bhliain 1019. Svyatopolk Mallaithe an t-aon ainm a thugtaí ar mo dhuine i ndiaidh a bháis.
Líne 200:
Bhí lá [[Peadar Mór|Pheadair Mhóir]] ag gealadh faoin am seo.
==Tagairtí==
{{reflist}}
[[Catagóir:Stair na Rúise]]
|